YouVersion Logo
Search Icon

Eabhraigh 13

13
An tSeirbhís a Thaitníonn le Dia
1Bíodh grá agaibh do bhur mbráithre i gcónaí; 2ná déanaigí dearmad ar an bhféile a chleachtadh. Óir, mar gheall ar a bhféile bhí daoine áirithe ann a raibh aingil ar cuairt acu gan a fhios dóibh. 3Cuimhnígí ar na daoine atá i bpríosún amhail is dá mbeadh sibh féin i bpríosún leo. Cuimhnígí freisin ar na daoine atá ag fulaingt droch-íde mar tá sibh-se féin ar an aiste chéanna leo. 4Bíodh meas ag an uile dhuine agaibh ar an bpósadh agus ná truaillítear é. Óir tabharfaidh Dia daorbhreith ar lucht na drúise agus an adhaltranais. 5Ná bíodh andúil agaibh san airgead. Ach bígí sásta lena bhfuil agaibh. Óir, deir Dia féin: “Ní thréigfidh mé thú go deo; ní fhágfaidh mé san abar thú choíche.” 6Mar sin de, ní miste dúinn a rá go muiníneach: “Is é an Tiarna a thugann cabhair dom, ní bheidh eagla dá laghad orm. Cad is féidir le haon duine a dhéanamh orm?”
7Cuimhnígí ar na ceannairí a bhí agaibh tráth, an mhuintir a dʼfhógair briathar Dé daoibh. Machnaígí ar dhea-chríoch a saoilsean agus déanaigí aithris ar a gcreideamh. 8Ach is mar a chéile Íosa Críost inné agus inniu agus go brách.
9Ná cuirtear ar seachrán sibh le gach saghas teagaisc strainséartha. Is fearr an croí a neartú le grásta Dé ná le cúrsaí bia nach ndeachaigh chun sochair do na daoine a bhíodh ag plé leo. 10Tá altóir againne nach ceadmhach do lucht freastail an Teampaill ithe di. 11Is lasmuigh den champa a dhóitear conablaigh na n-ainmhithe a dtugann an t-ard-sagart a gcuid fola isteach san Áit Rónaofa in éiric an pheaca. 12Sin é an fáth ar fhulaing Íosa a pháis lasmuigh den gheata nuair ba mhian leis an pobal a naomhú lena chuid fola féin. 13Dá bhrí sin, téimis amach as an gcampa chuige agus fulaingímisne an aithis a tugadh dó. 14Níl cathair bhuanmharthanach againn anseo; is amhlaidh atáimid ag tnúth le cathair atá le teacht. 15Mar sin de, ofrálaimis íobairt bhuanmholta chun Dé trí Íosa Críost, is é sin le rá, briathra ár mbéil ag moladh a ainm.
16Ná déanaigí dearmad ar an maith a dhéanamh agus bhur gcuid a roinnt. Óir tá na saghsanna sin íobairtí taitneamhach le Dia.
17Bígí umhal do bhur gceannairí agus tugaigí aird orthu. Tá togha an aireachais dá thabhairt acu do bhur n-anamacha mar beidh orthu cuntas a thabhairt ionaibh. Féachaigí chuige gurb ábhar áthais dóibh an cúram sin. Óir más ábhar osnaíola dóibh é ní rachaidh sé sin chun sochair daoibhse.
18Bígí ag guí ar ár son. Táimid cinnte de go bhfuil coinsias glan againn mar is mian linn sinn féin a iompar mar is cóir i ngach rud. 19Iarraim dʼachainí róspeisialta oraibh é seo a dhéanamh ionas go mba luaithide a sheolfar ar ais chugaibh mé.
20Dia na síochána a threoraigh ar ais ó mhairbh ár dTiarna Íosa Críost atá ina aoire mór ar na caoirigh trí fhuil an chonartha shíoraí, 21go ndéana sé foirfe sibh i ngach dea-obair ionas go ndéanfaidh sibh a thoil, agus go gcuire sé i gcríoch ionainn cibé ní is áil leis, trí Íosa Críost. Moladh go deo leis-sean trí shaol na saol. Áiméan.
22Impím oraibh, a bhráithre, cur suas leis an bhfocal misnigh seo. Óir níl ann ach litir ghairid. 23Bíodh a fhios agaibh gur scaoileadh ár mbráthair, Tiomóid, as príosún. Má thagann sé chugam in am, beidh sé in éineacht liom nuair a fheicfidh mé sibh. 24Tugaigí mo bheannacht do bhur gceannairí agus do na Críostaithe uile. Cuireann muintir na hIodáile a mbeannacht chugaibh. 25Go raibh grásta Dé agaibh go léir. Áiméan.

Currently Selected:

Eabhraigh 13: ABN2012

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in