Eabhraigh 11:8-9
Eabhraigh 11:8-9 ABN2012
Trí chreideamh a rinne Abrahám rud ar Dhia nuair a fuair sé a ghairm uaidh. Thug sé a aghaidh ar áit a bhí le fáil aige mar oidhreacht; dʼimigh sé leis, bíodh nach raibh a fhios aige cá raibh a thriall. Trí chreideamh a chuir sé faoi sa tír tairngre faoi mar ba thír choimhthíoch í. Chaith sé a shaol i mbothanna in éineacht le hÍosác agus le hIacób, beirt a bhí páirteach leis sa ghealltanas céanna.





