Eabhraigh 11:24-27
Eabhraigh 11:24-27 ABN2012
Trí chreideamh nár thoil le Maois, nuair a dʼfhás sé suas, go dtabharfaí mac iníon Fharó air. Óir bʼfhearr leis cruatan a fhulaingt in éineacht le pobal Dé ná só díomuan an pheaca a bheith aige. Chreid sé gur thairbhí dó cur suas le maslaí ar son an Mheisias ná stórtha na hÉigipte a shealbhú mar bhí a shúile ar luach saothair a bhí le teacht. Trí chreideamh dʼfhág sé an Éigipt ach ní toisc go raibh eagla air roimh fhearg an rí. Óir bhí an Té dofheicthe os comhair a shúl aige i gcónaí.





