YouVersion Logo
Search Icon

Colosaigh 4

4
1A mháistrí, caithigí go cóir cothrom le bhur ndaoir. Bíodh a fhios agaibh go bhfuil máistir agaibh féin ar neamh.
2Bígí ag guí gan staonadh; bígí ag faire lena linn agus ag gabháil buíochais le Dia. 3Agus déanaigí guí orainne chomh maith, dá iarraidh ar Dhia bealach a réiteach dúinn chun a bhriathar a leathadh agus chun rúndiamhair Chríost a fhógairt. Ós í an rúndiamhair sin faoi deara dom a bheith i ngéibheann, 4guígí Dia go ndéanfaidh mé í a nochtadh chomh soiléir agus is cuí dom í a fhógairt. 5Bígí críonna in bhur gcaidreamh leis na díchreidmhigh agus bainigí leas iomlán as an deis atá agaibh. 6Bíodh bhur gcomhrá leo go suáilceach deisbhéalach i gcónaí ionas go bhféadfaidh sibh an freagra pras a thabhairt do chách.
Beannachtaí
7Tabharfaidh an bráthair ionúin Tichíceas tuairisc iomlán daoibh ar mo chúrsaí-se. Seirbhíseach dílis is ea é agus comhsclábhaí dom-sa sa Tiarna 8agus táim dá sheoladh chugaibh dʼaon ghnó chun fios mo cháis a thabhairt daoibh agus misneach a chur ar bhur gcroí. 9Agus beidh lena chois an bráthair dílis ionúin, Onaesamas, fear de bhur mbuíon féin. Inseoidh siad-san daoibh a bhfuil ag titim amach anseo. 10Cuireann mo chomh-chime, Arastarchas, a bheannacht chugaibh agus Marcas, col ceathrar Bharnabas, chomh maith. Fuair sibh treoracha uaim cheana féin faoi Mharcas agus fáiltígí roimhe má thagann sé. 11Cuireann Íosa, dá ngairtear Iústas, a bheannacht chugaibh freisin. Sin iad na haon daoine de lucht an timpeallghearrtha atá ag cabhrú liom chun Ríocht Dé a leathadh agus is sólás dom iad. 12Cuireann seirbhíseach Íosa Críost, Eipeafras, a bheannacht chugaibh; duine díbh féin is ea é agus bíonn sé ag guí go dúthrachtach oraibh gan stad, dá iarraidh sibh a choimeád go daingean diongbháilte ag comh-líonadh thoil Dé go hiomlán. 13Geallaimse daoibh gurb é atá ag obair go dian ar bhur son agus ar son mhuintir Láódacáia agus Hiarapoil. 14Cuireann an dochtúir lách, Lúcás, agus Déamas, a mbeannacht chugaibh mar an gcéanna.
15Tugaigí mo bheannacht-sa do na bráithre i Láódacáia agus do Nimfe agus don eaglais a thagann le chéile ina teach. 16Agus nuair a bheidh an litir seo léite agaibh, tugaigí do bhur n-aire go léifear in eaglais Láódacáia í chomh maith agus go léifidh sibh-se an litir a chuirfear chugaibh ó Láódacáia. 17Agus abraigí é seo le hArchapas: “Féach chuige go dtabharfaidh tú chun críche an cúram a fuair tú le déanamh sa Tiarna.” 18Beannacht oraibh faoi mo lámh féin–Pól. Ná déanaigí dearmad ar mo shlabhraí. Grásta go raibh agaibh.

Currently Selected:

Colosaigh 4: ABN2012

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in