YouVersion Logo
Search Icon

Colosaigh 1

1
Beannú
1Mise Pól, aspal Íosa Críost de dheoin Dé, agus an bráthair Tiomóid– 2guímid beannacht ar an bpobal naofa i gColasae, ar na bráithre dílse i gCríost. Grásta chugaibh agus síocháin ó Dhia ár nAthair.
Buíochas le Dia
3Gach uair dá mbímid ag guí, gabhaimid buíochas le Dia, le hAthair ár dTiarna Íosa Críost, mar gheall oraibh, 4mar tá iomrá cloiste againn ar bhur gcreideamh in Íosa Críost agus ar an ngrá atá agaibh don phobal naofa go huile 5toisc súil a bheith agaibh lena bhfuil in áirithe daoibh sna flaithis . Chuala sibh iomrá ar an luach saothair seo den chéad uair i dteachtaireacht na fírinne, is é sin sa dea-scéal 6a tháinig chugaibh agus atá ag fás agus ag tabhairt toraidh uaidh ar fud an domhain mhóir, go díreach mar atá aige dá dhéanamh in bhur measc féin freisin ón gcéad lá a chuala sibh iomrá ar ghrásta Dé agus a chuir sibh eolas air dáiríre. 7Is é múinteoir a bhí agaibh ár gcomhsclábhaí ionúin féin, Eipeafras, searbhónta dílis do Chríost agus fear ionaid dúinne; 8agus is é a chuir síos dúinn chomh maith ar an ngrá atá ionaibhse faoi luí an Spioraid.
Guí Phóil
9Sin é an fáth, ón lá a chualamar an scéal, nár stadamar ach ag guí oraibh, dá iarraidh go líonfaí sibh dʼeolas ar a thoil le barr eagna agus tuisceana spioradálta, 10ionas go dtabharfadh sibh bhur saol mar is dual de réir an Tiarna agus go mbeadh sé lánsásta libh; go dtiocfadh forás ar bhur ndea-oibreacha agus méadú ar bhur n-eolas ar Dhia; 11go gcuirfeadh a neart glórmhar ar bhur gcumas cur suas go foighneach le gach ní 12agus go mbeadh sibh go lúcháireach ag gabháil buíochais leis an Athair a dheonaigh daoibh a bheith páirteach in oidhreacht an phobail naofa sa solas 13agus a dʼfhuascail sinn ó chumhacht an dorchadais agus dʼaistrigh isteach sinn i Ríocht a mhic mhuirnigh. 14Is tríd an Mac sin atá ár bhfuascailt le fáil, is é sin, maithiúnas na bpeacaí.
Gradam Chríost
15Is íomhá den Dia dofheicthe é
agus céad-ghin gach dúile cruthaithe
16mar is trídsean a cruthaíodh
a bhfuil ar neamh agus ar talamh
bídís sofheicthe nó dofheicthe,
idir Thróin agus Thiarnais
idir Phrionsachtaí agus Chumhachtaí.
Is trídsean agus dó-san a cruthaíodh an t-iomlán.
17Tá tosach aige orthu uile
agus is ann a choinnítear ar bun iad.
18Is é ceann an choirp é,
ceann na hEaglaise.
Is é an tús é,
an chéad-ghin ó mhairbh
i dtreo go mbeadh an tosach aige ar gach slí.
19Mar is ann ab áil
le lánmhaireacht iomlán Dé a bheith ina cónaí,
20agus is trídsean ab áil leis
gach a bhfuil ar neamh agus ar talamh
a thabhairt chun athmhuintearais leis féin,
agus síocháin a dhéanamh leo trí fhuil a chroise.
21Tráth dá raibh, bhí sibh-se féin in earraid le Dia agus naimhdeach dó in bhur n-aigne, de dheasca bhur ndroch-ghníomhartha; 22ach tá athmhuintearas déanta aige anois libh trína bhás ina chorp collaí dʼfhonn sibh a thabhairt ina láthair go naofa gan cháim gan locht. 23Ní mór daoibh, áfach, fanacht bunaithe go daingean ar an gcreideamh, agus gan bogadh ón dóchas a lasadh ionaibh ag an dea-scéal atá cloiste agaibh agus atá fógartha don uile dhuine faoin spéir agus a bhfuilim-se, Pól, i mo mhaor air.
Saothar Phóil
24Is cúis áthais dom-sa a bhfuil dá fhulaingt anois agam ar bhur son. Cibé easnamh a bhí ar pheannaidí Chríost táim-se dá dhéanamh suas i mo cholainn féin ar mhaithe lena chorpsan, is é sin, ar mhaithe leis an Eaglais. 25Rinneadh maor ar an Eaglais díom-sa de bharr an chúraim a thug Dia dom le déanamh daoibhse, mar atá briathar Dé a fhógairt ina iomláine: 26an rúndiamhair a bhí ceilte ar feadh na gcianta agus na nglúine, ach atá nochta anois dá phobal naofa. 27Ba dheoin le Dia a nochtadh dóibh-sean cad é mar shaibhreas glórmhar a thugann an rúndiamhair seo do na gintlithe, is é sin, go bhfuil Críost in bhur measc ag deimhniú na glóire daoibh. 28Sin é an Críost a bhímidne a fhógairt: bímid ag tabhairt comhairle agus teagaisc do chách le barr eagna, dʼfhonn an uile dhuine a thabhairt chun foirfeachta i gCríost. 29Is chuige sin chomh maith a bhímse ag obair ar mo dhícheall leis an bhfuinneamh uaidh atá ag oibriú go tréan ionam.

Currently Selected:

Colosaigh 1: ABN2012

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in