2 Tiomóid 4
4
Rás Rite ag Pól
1I bhfianaise Dé agus i bhfianaise Chríost Íosa atá chun breithiúnas a thabhairt ar bheo agus ar mhairbh, achtaím ort dar a thaibhsiú agus dar a Ríocht 2an briathar a fhógairt ar do dhícheall i dtráth agus in antráth. Bí ag áiteamh, ag casaoid, ag spreagadh agus ag teagasc go foighneach gan stad. 3Tá an uair ag teacht nuair nach nglacfaidh daoine a thuilleadh leis an teagasc folláin. Ina ionad sin cruinneoidh siad múinteoirí ina dtimpeall a bheidh chun a dtola agus iad ar bís chun iad a chloisteáil; 4tabharfaidh siad an chluas bhodhar don fhírinne agus casfaidh siad ar na finscéalta. 5Ach bí-se stuama staidéartha i ngach ní; cuir suas leis an gcruatan, déan do ghnó mar shoiscéalaí, comhlíon do dhualgas. 6I dtaca liom féin de, táim do mo dhoirteadh amach cheana féin mar a bheadh deoch íobartha agus tá uair na scarúna buailte liom. 7Tá an comhrac maith tugtha agam, tá mo rás rite, tá an creideamh coinnithe agam. 8Tá craobh na fíréantachta in áirithe dom feasta agus bronnfaidh an Tiarna féin, an breitheamh cóir, orm í an lá sin agus ní orm-sa amháin é ach ar an uile dhuine a bheidh ag tnúth lena thaibhsiú.
Comhairlí Deireanacha
9Déan do dhícheall teacht chugam go luath. 10Mar thit Déamas i ngrá leis an saol seo, thréig sé mé agus dʼimigh leis go Teasaloinicé. Dʼimigh Créiscéas go dtí an Ghaláit agus Títeas go dtí an Dalmáit. 11Níl i mo theannta anois ach Lúcás. Faighse Marcas agus beir leat é, mar ba mhór an chabhair dom é i mo ghnó. 12Chuir mé Tichiceas chun siúil go hEifeasas. 13Nuair a bheidh tú ag teacht beir leat an clóca a dʼfhág mé ag Carpas i dTróás agus beir leat na leabhair chomh maith, go háirithe na meamraim.
14Is mór an dochar a rinne Alastar, an gábha copair, dom ach cúiteoidh an Tiarna a ghníomhartha leis. 15Seachain-se thú féin air siúd mar is dian a chuir sé i gcoinne ár dteagaisc.
16Ag plé mo chúise dom den chéad uair ní raibh duine ar bith a sheas ceart dom; thréig an uile dhuine mé. Nár agraí Dia orthu é. 17Sheas an Tiarna liom, áfach, agus thug an neart dom go bhfógróinn an teachtaireacht ina hiomláine agus go n-éistfeadh na gintlithe uile léi. Saoradh mé ó bhéal an leoin 18agus saorfaidh an Tiarna mé ó gach olc agus tabharfaidh sé slán chun a Ríochta ar neamh mé, moladh go deo leis. Áiméan.
Beannachtaí
19Beir beannacht uaim go Priosca agus Acúbas agus go teaghlach Onaesafóras. 20Dʼfhan Earastas sa Choraint agus dʼfhág mé Trofamas i Miléatas de bhrí go raibh sé breoite. 21Déan do dhícheall teacht roimh an ngeimhreadh. Cuireann Eobúlas agus Púdaens agus Líneas agus Cláidia agus na bráithre ar fad a mbeannacht chugat. 22Go raibh an Tiarna Íosa leat. Grásta go raibh agaibh.
Currently Selected:
2 Tiomóid 4: ABN2012
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 2012 Úsáidtear le cead. Used by permission.