2 Tiomóid 1
1
Beannú
1Mise Pól, aspal Chríost Íosa de thoil Dé, de réir ghealltanas na beatha atá againn i gCríost Íosa. 2Guím grásta agus trócaire agus síocháin ó Dhia, an tAthair agus ónár dTiarna Críost Íosa ar mo mhac muirneach Tiomóid.
3Gabhaim buíochas le Dia, a bhfuilim ag seirbhís dó le coinsias glan mar a dhéanadh mo shinsir romham, gach uair dá gcuimhním ort i mʼurnaithe, rud a dhéanaim de lá agus dʼoíche. 4Agus nuair a chuimhním ar na deora a shil tú is fada liom go bhfeicfidh mé thú go líonfar mo chroí le háthas. 5Cuimhním freisin ar an gcreideamh glan sin agat. An creideamh úd a bhí ag do sheanmháthair Lóis romhat agus ag do mháthair Eoinícé, táim cinnte go bhfuil sé agat-sa chomh maith.
Tíolacthaí Thiomóid
6Sin é an fáth a bhfuilim dá chur i gcuimhne duit tabhartas Dé a athmhúscailt, an tabhartas úd a fuair tú nuair a chuir mise mo lámha ort. 7An spiorad a thug Dia dúinn ní hé spiorad na meatachta é ach spiorad na fearúlachta agus an ghrá agus an fhéinsmachta. 8Ná bíodh aon náire ort, dá bhrí sin, fianaise a thabhairt ar ár dTiarna agus ná bíodh aon náire ort fúmsa atá i mo phríosúnach ar a shon. Ní hea, ach fulaing-se cruatan liom ar son an dea-scéil as ucht an chumais atá faighte agat ó Dhia.
9Mar is é Dia a shlánaigh sinn agus a ghlaoigh orainn le naomh-ghlao, agus ní de bharr aon ní dá ndearnamarna é ach de bharr a thola agus a ghrásta féin. Bhí an grásta seo tugtha dúinn i gCríost Íosa ó thús aimsire 10ach is anois beag a foilsíodh é trí thaibhsiú ar slánaitheora Críost Íosa. Chuir seisean an bás ar neamhní agus thug chun solais an bheatha agus an neamh-bhásmhaireacht trí bhíthin an dea-scéil. 11Agus táim-se ceaptha i mʼfhógróir agus i mʼaspal agus i mo theagascóir ar an dea-scéal sin. 12Sin é an fáth a bhfuil na nithe seo le fulaingt agam; ach ní náir liom iad mar go bhfuil a fhios agam cé air a bhfuil mo sheasamh: agus táim cinnte de go bhfuil ar a chumas an taisce a dʼfhág sé faoi mo chúram a ghardáil go dtí an lá úd. 13An teagasc folláin a chuala tú uaim-se, coimeád agat mar threoir é agus lean den chreideamh agus den ghrá atá agat i gCríost Íosa. 14An taisce luachmhar atá faoi do chúram, cosain í le cabhair an Spioraid Naoimh a chónaíonn ionainn.
15Tá a fhios agat é seo, gur thréig a bhfuil san Áise mé, agus Figealas agus Hearmagainéas san áireamh. 16Go ndéana an Tiarna trócaire ar theaghlach Onaesafóras, mar is minic a chuir sé misneach ionam, agus in ionad aon náire a bheith air faoi mé a bheith i bpríosún, 17is amhlaidh nuair a bhí sé sa Róimh, a chuaigh sé ar mo lorg go dícheallach nó gur aimsigh sé mé. 18Is ea, go ndeonaí an Tiarna go bhfaighidh sé trócaire ón Tiarna an lá úd–agus is fearr a fhios agat-sa ná agam féin méid an fhreastail a rinne sé orm in Eifeasas.
Currently Selected:
2 Tiomóid 1: ABN2012
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 2012 Úsáidtear le cead. Used by permission.