2 Peadar 3
3
Teacht Chríost–Comhairlí
1Is í seo an dara litir a scríobh mé chugaibh, a chairde cléibh, agus iontu araon tá aigne íon dá múscailt agam ionaibh le rabhadh 2go mbeidh cuimhne agaibh ar na ráitis a thug na fáithe beannaithe roimhe seo, agus ar aithne an Tiarna agus an tSlánaitheora a tugadh trí bhur n-aspail. 3Bíodh seo ar eolas agaibh ar dtús, go dtiocfaidh scigirí ag scigireacht sna laethanta deireanacha agus iad ag déanamh de réir a n-ainmhianta féin, 4agus dá rá: “Cá bhfuil gealltanas a theachta? Mar ón am a ndeachaigh na hAithreacha chun suain maireann gach ní díreach mar a bhí siad ó thús an chruthaithe.” 5Déanann siad dearmad dʼaon ghnó de seo, go raibh na spéartha ann anallód, agus gur cumadh an domhan as an uisce agus tríd an uisce le briathar Dé; 6agus tríothu gur scriosadh an domhan mar a bhí, óir bádh é le huisce. 7Na spéartha agus an domhan atá anois ann, tá siad dá gcaomhnú don tine, tríd an mbriathar céanna, agus dá gcumhdach i gcomhair lá breithiúnais agus scriosta na n-éagráifeach.
8Ach ná déanaigí dearmad den phointe seo, a chairde cléibh, gur cuma aon lá amháin leis an Tiarna nó míle bliain, agus míle bliain nó aon lá amháin. 9Ní dhéanann an Tiarna moill lena ghealltanas, mar a thuigtear moill do dhaoine áirithe, ach tá sé foighneach libh mar nach mian leis go gcaillfear aon dream ach go dtiocfaidh cách chun aithrí. 10Tiocfaidh lá an Tiarna mar ghadaí, agus scriosfar na spéartha de ruathar toirní; déanfar na dúile a mhilleadh le tine, agus loiscfear an domhan agus a bhfuil dʼoibreacha ann. 11Ó tharla go bhfuil gach ní le scriosadh ar an gcuma sin, cén sórt daoine ba cheart a bheith ionaibh maidir le hiompar naofa agus le cráifeacht, 12agus sibh ag feitheamh le teacht lá Dé, agus dá bhrostú? Tríd sin a dhéanfar na spéartha a scriosadh le tine, agus na dúile a leá le teas. 13Ach táimid ag súil, de réir an ghealltanais, le spéartha nua agus le domhan nua mar a lonnóidh an fhíréantacht.
14Dá bhrí sin, a chairde cléibh, ós rud é go bhfuil sibh ag súil leis na nithe sin, bígí go dúthrachtach le go bhfaighidh sé sibh gan locht gan cháim, agus faoi shíocháin. 15Agus tuigigí gur deis slánaithe foighne ár dTiarna. Scríobh ár ndeartháir dil Pól chugaibh freisin de réir na heagna a tugadh dó, 16agus labhair sé ar an ábhar seo faoi mar a dhéanann ina litreacha go léir. Tá nithe áirithe deacair le tuiscint sna litreacha céanna agus déanann lucht aineolais agus místuamachta iad a lúbadh chun a léir-scrios ta féin faoi mar a dhéanann siad leis na scrioptúir eile.
Dúnadh
17Ós rud é go bhfuil seo ar eolas agaibh roimh ré, a chairde cléibh, féachaigí chuige nach scuabfar de bhur mbonna sibh le hearráid lucht coirpeachta agus bhur ndaingne a chailliúint. 18Ach ina ionad sin, leanaigí ar aghaidh ag bisiú i ngrásta agus in eolas ár dTiarna agus ar Slánaitheora Íosa Críost. Glóir dó-san anois agus go lá na síoraíochta. Áiméan.
Currently Selected:
2 Peadar 3: ABN2012
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 2012 Úsáidtear le cead. Used by permission.

: