2 Peadar 2
2
Oidí Bréige
1Ach tharla fáithe bréige freisin i measc an phobail, faoi mar atá oidí bréige chomh maith in bhur measc-sa; déanfaidh siad-san tuairimí díobhálacha a thabhairt isteach go cealgach agus séanfaidh siad fiú an mháistir a cheannaigh iad, agus tabharfaidh siad droch-íde sa mhullach orthu féin go tobann. 2Leanfaidh a lán cosáin a ndrabhláis agus déanfar bealach na fírinne a tharcaisniú dá mbarr. 3Le teann sainte tiocfaidh siad i dtír oraibh le briathra éithigh. Ach tá an daorbhreith orthu siúd dá hullmhú ó anallód agus níl codladh ag dul ar a ndroch-íde. 4Murar lig Dia leis na haingil nuair a pheacaigh siad, ach iad a chartadh síos go hIfreann agus a thabhairt suas do na pluaiseanna gruama laistíos le coinneáil go lá an bhrátha; 5murar lig sé leis an domhan fadó ach gur chumhdaigh sé Naoi, callaire na fíréantachta, mar aon le seachtar eile, nuair a scaoil sé díle ar dhomhan na n-éagráifeach; 6má rinne sé luaithreach de chathracha Shodam agus Ghomóra agus iad a dhaoradh chun a scriosta mar shampla don mhuintir a bheadh ar tí a bheith éagráifeach; 7agus má dʼfhuascail sé Lót fíréanta a bhí dá chlipeadh go mór ag iompar drabhlásach na gcoirpeach, 8óir a raibh dá chloisteáil agus dá fheiceáil ag an bhfíréan sin agus é ag maireachtáil ina measc ó lá go lá, rinne sé a chroí cóir a chiapadh de bharr na mbeart aindleathach, 9tá a fhios ag an Tiarna conas na fíréin a fhuascailt ó thriail ach na coirpigh a choinneáil dá bpionósú go lá na breithe, 10go háirithe iad siúd a dhéanann iad féin a iompar de réir na colainne in ainmhianta truaillithe, agus gan ach droch-mheas acu ar an údarás.
Bagairt
Ní eagal leis an dream ceanndána borb seo masla a thabhairt dʼaingil na glóire; 11ach na haingil, cé gur mó iad i neart agus i gcumhacht, ní thugann siad breith mhaslach ina n-aghaidh i láthair an Tiarna. 12Ach is cuma iad seo nó ainmhithe éigiallta, dúile nádúrtha a shaolaítear don tseilg agus don bhás; tá siad droch-mheas úil maidir le nithe nach dtuigeann siad agus scriosfar iad san aon scriosadh leo, 13agus iompróidh siad urchóid mar luach saothair a n-urchóide. Is geal leo an drabhlás sa lá; máchailí agus smáil iad ag ragarnaíl ina gcollaíocht agus ag carbhas libh. 14Tá a súile lán dʼadhaltranas, doshásta le peacaí; bíonn siad ag mealladh anamacha corrthónacha, agus a gcroí cleachta ar an tsaint. Clann na mallachta! 15Thréig siad an bealach díreach agus chuaigh siad ar seachrán; lean siad bealach Bhalám ó Bhósar, a bhí ceanúil ar bhrabús an oilc; 16ach fuair seisean ceartú de bharr a choirpeachta; labhair an t-asal balbh le glór daonna agus choisc sé díth céille an fháidh.
17Toibreacha gan uisce an dream seo agus scamaill dá dtiomáint ag an ngála, agus tá Ifreann duairc in áirithe dóibh. 18Óir, le hainmhianta drabhlásacha collaí, bíonn siad ag mealladh na ndaoine a mʼéalaigh le déanaí ón muintir atá ag caitheamh a saoil ar seachrán, lena ngártha bladhmannacha baoise. 19Geallann siad saoirse dóibh, ach is daoir iad ag an scrios, mar cibé rud a fhaigheann an lámh uachtair ar dhuine is dó is daor é. 20Tar éis dóibh éalú ó thruaillitheachtaí an tsaoil trína n-aithne ar ár dTiarna agus ár Slánaitheoir Íosa Críost, má théann siad in achrann arís iontu, agus go sáraítear iad, is measa an scéal acu go deireanach ná mar a bhí ar dtús. 21Óir bʼfhearr dóibh-sean gan eolas a chur ar bhealach na fíréantachta ná tar éis eolas a chur air casadh i leataobh ón aithne naofa a seachadadh dóibh. 22Tharla dóibh mar a deir an sean-fhocal fíor: Filleann an madra ar an aiseag; agus: An chráin nuair a nítear í, luíonn sí sa lathach.
Currently Selected:
2 Peadar 2: ABN2012
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 2012 Úsáidtear le cead. Used by permission.

: