2 Corantaigh 3
3
Maoir ar an gConradh Nua
1An ag tosú ar ár moladh féin arís atáimid? An gá dúinne, dála daoine áirithe éile, litreacha creidiúnais a thabhairt chugaibhse nó iad a fháil uaibh? 2Is sibh-se ár litir chreidiúnais agus í scríofa ar ár gcroí agus í le haithint agus le léamh ag cách uile. 3Is follas don saol gur litir ó Chríost sibh atá arna scríobh againne ach nach le dúch a scríobhadh í ach le Spiorad an Dé bheo, agus nach ar tháibhléid chloiche a greanadh í ach ar tháibhléid an chroí dhaonna.
4Sin é an mhuinín atá againn as Dia i bpáirt le Críost. 5Ní hé go dtig linn uainn féin aon ní a chur síos dár gcumas féin. Is ó Dhia ár gcumas 6mar is é a chuir ar ár gcumas a bheith inár maoir ar chonradh nua; ach ní conradh litreach é ach conradh sa Spiorad, mar is trúig bháis an litir scríofa ach is údar beatha an Spiorad.
7An córas básmhar úd a bhí greanta i litreacha ar chloch, má tháinig sé ann faoi niamhracht chomh mór sin nár fhéad clann Iosrael stánadh san aghaidh ar Mhaois mar gheall ar a ghile a bhí sí, siúd is go raibh an ghile ag tréigean, 8nach mó go mór an niamhracht a bheidh leis an gcóras spioradálta? 9Má bhí niamhracht ag gabháil le córas ár ndaortha, nach móide go mór go mbeadh niamhracht ag gabháil le córas ár bhfíréanaithe? 10Go deimhin féin, le hais na niamhrachta thar barr seo, níl niamhracht ar bith anois sa rud a bhí chomh niamhrach sin tráth. 11Má bhí niamhracht ag gabháil le córas a bhí sealadach nach niamhraí go mór a bheidh an córas atá buan?
12Ní cás dúinn a bheith teann dá bhrí sin nuair atá dóchas chomh mór sin againn. 13Ní hionann dúinne agus do Mhaois a chuireadh púicín ar a cheann ar shlí nach mbeadh clann Iosrael ag stánadh ar an loinnir neamh bhuan úd ag tréigean. 14Dalladh an intinn iontu, áfach, agus go dtí an lá atá inniu ann fanann an púicín céanna orthu gan tógáil nuair a bhíonn an seantiomna dá léamh dóibh, mar is i bpáirt le Críost a thógtar an púicín chun siúil. 15Is ea, go dtí an lá inniu féin bíonn púicín anuas ar a n-aigne nuair a bhíonn Maois dá léamh dóibh, 16ach “nuair a iompófar chun an Tiarna tógfar an púicín chun siúil.” 17Is é an Tiarna an Spiorad, agus aon áit a mbíonn Spiorad an Tiarna bíonn saoirse ann. 18Níl aon phúicín orainne, áfach; tá scáil de ghlóir an Tiarna le feiceáil inár ngnúis mar a bheadh i scáthán agus sinn ag dul i gcosúlacht leis-sean ó niamhracht go niamhracht faoi luí Spiorad an Tiarna.
Currently Selected:
2 Corantaigh 3: ABN2012
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 2012 Úsáidtear le cead. Used by permission.