YouVersion Logo
Search Icon

1 Tiomóid 3

3
Cáilíochtaí an Uachtaráin
1Is barántúil an ráiteas é seo: an té a bhíonn ag tnúth le cúram an uachtaráin is uasal an obair a shantaíonn sé. 2Dá chionn sin ní mór don uachtarán a bheith gan cháim agus gan a bheith pósta ach aon uair amháin; a bheith measartha, stuama, staidéartha, a bheith fial fáilteach agus in ann chun múinte; 3gan a bheith tugtha don ól ná don achrann ach é a bheith séimh síochánta agus gan dúil aige san airgead. 4Caithfidh sé a bheith ina cheann maith ar a theaghlach féin agus a chlann a bheith umhal ómósach i ngach slí dó. 5Mura bhfuil duine in ann a theaghlach féin a stiúradh, conas a dhéanfaidh sé Eaglais Dé a riaradh? 6Caithfidh sé gan a bheith ina nuachreidmheach le heagla go dtiocfadh éirí in airde air agus go ndaorfaí é dála an diabhail féin. 7Ní mór freisin dea-theist a bheith air ag an muintir lasmuigh le heagla go dtabharfaí tarcaisne dó agus go mbuailfeadh an diabhal bob air.
Na Déagánaigh
8Na déagánaigh mar an gcéanna, ní mór dóibh a bheith ina ndaoine creidiúnacha agus gan a bheith ina dteanga liom leat ná tugtha don ól, gan súil go suarach ar an mbreis acu 9ach iad ag caomhnú rúndiamhair an chreidimh le coinsias glan. 10Ní mór iad a thástáil ar dtús agus gan ligean dóibh feidhmiú mar dhéagánaigh mura mbíonn siad gan locht. 11Ba chóir na mná a bheith creidiúnach mar an gcéanna agus gan a bheith cúlchainteach ach iad stuama agus iontaofa ar gach slí. 12Caithfidh na déagánaigh gan a bheith pósta ach aon uair amháin agus iad a bheith ina gceann maith ar a gclann agus ar a dteaghlach féin. 13Na déagánaigh a chruthaíonn go maith, gnóthaíonn siad ard-chéim dóibh féin agus bíonn údarás mór lena gcaint faoin gcreideamh atá againn i gCríost Íosa.
Rúndiamhair an Chreidimh
14Cé go bhfuilim ag súil le teacht ar cuairt chugat sul i bhfad, táim dá scríobh seo chugat 15i dtreo, má chuirtear moill féin orm, go mbeidh a fhios agat conas is cóir duit tú féin a iompar i dteaghlach Dé, is é sin le rá, in Eaglais Dé bheo–an Eaglais atá ina crann taca agus ina bunsraith don fhírinne. 16Agus gan aon agó, is mór í rúndiamhair ár gcreidimh:
An té a thaispeáin é féin dúinn i gcolainn dhaonna,
sheas an Spiorad a cheart dó,
chonacthas é do na haingil,
fógraíodh é do na ciníocha,
chreid an saol mór ann
agus tógadh in airde i nglóir é.

Currently Selected:

1 Tiomóid 3: ABN2012

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in