YouVersion Logo
Search Icon

1 Teasalónaigh 2

2
Saothar Phóil i dTeasaloinicé
1Tá a fhios agaibh féin, a bhráithre, nárbh aon turas in aistear ár gcuairt oraibh. 2Bhí droch-íde agus tarcaisne faighte i bhFilipe againn roimhe sin, mar is eol daoibh, ach fuaireamar de mhisneach ó Dhia a dhea-scéal a fhógairt daoibhse dʼainneoin freasúra láidir. 3Ní mearbhall aigne ná drochintinn a bhí dár spreagadh ná ní ag iarraidh daoine a mhealladh a bhíomar; 4ach de bhrí gurbh fhiú le Dia sinn a dhea-scéal a chur inár gcúram, craolaimid é dá réir, ní dʼfhonn daoine a shásamh ach dʼfhonn Dia a shásamh, mar is eisean a phromhann ár n-intinn. 5Agus mar is eol daoibh féin, ní dhearnamar plámás libh riamh, 6agus tá a fhios ag Dia nach ar scáth na sainte a bhíomar ag obair ná ag lorg molta ó dhaoine, uaibh-se ná eile, 7cé go bhféadfaimis a bheith teann oraibh mar thoscairí ó Chríost. Ach bhíomar chomh séimh, fad a bhíomar in bhur measc, le banaltra ag muirniú a páistí. 8Bhíomar chomh ceanúil sin oraibh go rabhamar sásta ní hamháin an dea-scéal a roinnt oraibh ach ár n-anam féin a roinnt oraibh chomh maith, agus a ansa linn a bhí sibh.
9Is cuimhin libh, a bhráithre, an saothar agus an sclábhaíocht a rinneamar; mar a bhímis ag obair de lá is dʼoíche ar eagla go mbeimis inár muirín ar dhuine ar bith agaibh le linn dúinn dea-scéal Dé a chraobhscaoileadh daoibh. 10Tá a fhianaise oraibh féin agus ar Dhia go rabhamar ionraic macánta neamhurchóideach libh-se, a bhfuil an creideamh agaibh. 11Mar is eol daoibh, bhíomar le gach duine agaibh mar bheadh athair lena pháistí, 12do bhur spreagadh agus do bhur misniú, agus ag agairt oraibh bhur saol a thabhairt mar is dual de réir Dé atá ag glaoch oraibh isteach ina Ríocht ghlórmhar féin.
13Agus tá cúis eile againn le bheith ag gabháil buíochais gan staonadh le Dia: de bhrí, nuair a ghlac sibh le briathar Dé a chuala sibh uainn, nach mar theachtaireacht dhaonna a ghlac sibh é ach mar bhriathar Dé, agus sin é go díreach an rud atá ann dáiríre, mar is é Dia atá ag obair ionaibhse a bhfuil an creideamh agaibh. 14Tá sibh-se, a bhráithre, ag leanúint lorg eaglaisí Dé atá in Íosa Críost ar fud Iúdáia; mar tá an íde chéanna faighte agaibh-se ó bhur gcomhthírigh agus a fuair siad-san ó na Giúdaigh, 15ón mbuíon chéanna a dʼimir bás ar an Tiarna Íosa agus ar na fáithe agus a rinne géar-leanúint orainne. Níl Dia buíoch díobh, áfach, agus is naimhde iad don chine daonna, 16mar go bhfuil siad ag cur baic orainne labhairt leis na gintlithe dʼfhonn is go slánofaí iad. Sa tslí sin tá siad ag cur bairr ar a bhfuil de pheacaí déanta acu riamh anall; ach tá fearg Dé tagtha suas leo faoi dheireadh.
Fonn ar Phól na Teasalónaigh
a Fheiceáil
17Maidir linn féin, a bhráithre, ní rabhamar scartha libh ach tamall beag aimsire–as raon ár súl a bhí sibh ach ní as raon ar gcroí–nuair a tháinig dúil rómhór orainn bhur ngnúis a fheiceáil arís. 18Bhí fonn orainn teacht chugaibh–ba mhian liom-sa, Pól, teacht chugaibh arís agus arís eile–ach choisc Sátan orainn é. 19Tar éis an tsaoil, cén t-ábhar dóchais agus áthais atá againn ach sibh-se ? Cén chraobh a bheidh againn le maíomh aisti os comhair an Tiarna Íosa Críost, nuair a thiocfaidh sé, ach sibh-se ? 20Is ea, is sibh-se, go deimhin údar ár mórtais agus ár lúcháire.

Currently Selected:

1 Teasalónaigh 2: ABN2012

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in