YouVersion Logo
Search Icon

1 Peadar 1

1
1Peadar, aspal le hÍosa Críost, chuig deoraithe na díbeartha i bPontas, sa Ghaláit, sa Chapadóic, san Áise, agus sa mBitín, an mhuintir atá tofa 2de réir oirchill Dé, an tAthair, i gcoisreacan tríd an Spiorad, le humhlú dʼÍosa Críost agus lena fhuil a chroitheadh orthu. Go raibh grásta agus síocháin agaibh go raidhsiúil.
Dóchas agus Slánú
3Moladh le Dia agus Athair ár dTiarna Íosa Críost! Dʼathghin sé sinn as ucht a mhórthrócaire, trí aiséirí Íosa Críost ó mhairbh, chun beo-mhuiníne 4agus chun oidhreachta atá marthanach dothruaillithe, gan síothlú, oidhreacht atá in áirithe daoibh sna flaithis . 5Tá sibh anois do bhur gcumhdach tríd an gcreideamh ag Dia na bhfeart, le haghaidh an tslánaithe atá réidh lena fhoilsiú ag deireadh ré. 6Is údar lúcháire agaibh-se é seo, fiú más dobrónach féin sibh ar feadh tamaill bhig de bharr trialacha den uile chineál, 7dʼfhonn go bhfaighfear fíormhianach bhur gcreidimh, atá níos luachmhaire ná ór–rud atá somhillte cé go dtástáiltear sa tine é–ag dul chun molta agus onóra agus glóire tráth a fhoilseofar Íosa Críost. 8Ní fhaca sibh é, ach tugann sibh grá dó; ní fheiceann sibh anois féin é, ach creideann sibh ann, agus is lúcháireach sibh le háthas glórmhar dolabhartha, 9agus slánú bhur n-anama dá ghnóthú agaibh mar thoradh ar bhur gcreideamh.
10Na fáithe a thairngir faoin ngrásta a bhí i ndán daoibhse, is faoin slánú seo a rinne siad cuardach agus grinncheistiú. 11Scrúdaigh siad cén duine nó cén uain a bhí dá taispeáint ag Spiorad Íosa a bhí iontu agus é ag réamhfhógairt pháis Chríost agus na glóire a leanfadh í. 12Foilsíodh dóibh nach dóibh féin a bhí siad ag fónamh ach daoibhse i gcás na nithe atá fógraithe daoibhse anois acu siúd a chraol an dea-scéal daoibh le cabhair an Spioraid Naoimh a seoladh ó neamh, nithe a mbíonn na haingil féin ag tnúth le srac-fhéachaint a fháil orthu.
Dea-Bheatha ar son Dé
13Dá bhrí sin cuirigí bhur n-aigne i gcóir chun oibre, bígí stuama, agus bíodh bhur muinín go hiomlán as an ngrásta a dháilfear oraibh nuair a fhoilseofar Íosa Críost. 14Dála leanaí géilliúla, ná téigí i gcosúlacht ainmhianta an aineolais ina raibh sibh cheana, 15ach amhail is naofa eisean a ghlaoigh oraibh, bígí-se naofa in bhur n-iompar go léir, 16mar tá scríofa: “Bígí naofa mar go bhfuilim-se naofa.” 17Má thugann sibh Athair ar an té sin a thugann breith gan leathchuma ar gach duine de réir a bhirt, ní foláir daoibh sibh féin a iompar go heaglach le linn bhur ndeoraíochta. 18Óir is feasach sibh nach le nithe sothruaillithe mar ór nó airgead a fuasclaíodh sibh ó bhur n-iompar baoth a fuair sibh mar oidhreacht ó bhur n-aithreacha, 19ach le fuil luachmhar Chríost, amhail fuil uain gan mháchail gan cháim. 20Bhí aithne air cheana féin roimh chruthú an domhain, ach foilsíodh é i ndeireadh ré ar bhur sonsa 21a chreideann trídsean i nDia, a thóg ó mhairbh é, agus a thug glóir dó, le go mbeadh creideamh agus dóchas agaibh-se i nDia. 22Rinne sibh bhur n-anam a íonghlanadh trí umhlú don fhírinne le haghaidh grá gan cur i gcéill do na bráithre; tugaigí grá díograiseach dá chéile, más ea, ó chroí glan. 23Ní ó aon síol sothruaillithe a gineadh as an nua sibh, ach ó shíol dothruaillithe trí bhriathar Dé bheo shíoraí.
24“Mar tá an uile fheoil mar an bhféar,
agus níl ina glóir go léir ach mar bhláth an fhéir;
25Ach maireann briathar an Tiarna go deo.”
Agus is é an briathar sin an dea-scéal a fógraíodh daoibh.

Currently Selected:

1 Peadar 1: ABN2012

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in