1 Corantaigh 16
16
An Bailiúchán do
Chríostaithe Iarúsailéim
1Maidir leis an mbailiúchán i gcomhair an phobail naofa, leanaigíse freisin an treoir a thug mé dʼeaglaisí na Galáite. 2Ar an gcéad lá den tseachtain cuireadh gach duine agaibh i dtaisce a oiread agus is acmhainn dó, sa tslí nach mbeidh aon bhailiúchán le déanamh nuair a thiocfaidh mise chugaibh. 3Ansin ar theacht dom, cibé daoine dá dtabharfaidh sibh litreacha creidiúnais dóibh, cuirfidh mé go hIarúsailéim iad le bhur ndeontas. 4Agus má fhónann dom féin dul ann chomh maith, beidh siad-san le mo chois.
An Turas atá Beartaithe
5Tar éis dom gabháil tríd an Macadóin tiocfaidh mé chugaibh ar cuairt–mar is é bealach na Macadóine a ghabhfaidh mé– 6agus caithfidh mé tamall libh, nó an geimhreadh ar fad bʼfhéidir, agus ansin féadfaidh sibh-se mé a thionlacan cibé bealach a ngabhfaidh mé. 7Níor mhaith liom gan ach cuairt reatha a thabhairt oraibh. Tá súil agam tamall maith a thabhairt libh más toil leis an Tiarna é. 8Fanfaidh mé in Eifeasas go Cincís, 9mar tá doras mór ar leathadh romham chun oibre–agus tá naimhde go leor agam. 10Má thagann Tiomóid féachaigí chuige go gcuirfidh sibh ar a shuaimhneas é in bhur measc mar is í obair an Tiarna atá sé a dhéanamh ar mo dhála féin. 11Ná bíodh duine ar bith ag caitheamh anuas air. Agus déanaigí é a sheoladh go síochánta ar a bhealach ar ais chugam-sa mar táim féin mar aon leis na bráithre ag súil leis.
12Maidir lenár mbráthair Apallós, rinne mé tathant air go dian dul ag triall oraibh in éineacht leis na bráithre eile, ach níl fonn dá laghad air dul ann faoi láthair. Tiocfaidh sé, áfach, nuair a bheidh an deis aige.
13Bígí ag faire agus seasaigí fód an chreidimh; bígí cróga calma. 14Gach ní dá ndéanann sibh, déanaigí le grá é.
Achainí
15Tá achainí agam oraibh, a bhráithre. Mar is eol daoibh, is é teaghlach Stiofáin céadtorthaí na hAcháia agus tá a ndúthracht caite acu ag fónamh do na naoimh. 16Bígí géilliúil dá leithéidí sin agus don uile dhuine atá ag obair agus ag saothrú leo. 17Tá áthas orm Stiofán agus Fortúnátas agus Acháiacas a bheith tagtha anseo. In bhur n-éagmais-se ba mhór an sásamh dom iad a theacht, 18mar chuir siad mʼaigne chun suaimhnis, agus bhur n-aignese chomh maith. Bíodh meas agaibh ar a leithéidí sin.
Beannachtaí
19Cuireann eaglaisí na hÁise a mbeannacht chugaibh. Na mílte beannacht sa Tiarna ó Acúbas agus ó Phriosca mar aon leis an eaglais a thagann le chéile sa teach acu. 20Beannacht ó na bráithre uile. Beannaígí dá chéile leis an bpóg naofa. 21Tá mo bheannacht-sa dá scríobh agam le mo lámh féin–Pól.
22Mallacht ar an té nach dtugann grá don Tiarna.
Maranatha [tar, a Thiarna].
23Grásta an Tiarna Íosa libh 24agus mo ghrá-sa libh uile i gCríost Íosa. Áiméan.
Currently Selected:
1 Corantaigh 16: ABN2012
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 2012 Úsáidtear le cead. Used by permission.