YouVersion Logo
Search Icon

1 Corantaigh 14

14
Is Tábhachtaí Fáistine
ná Teangacha
1Saothraígí an grá mar sin ach bíodh dúil agaibh sna tíolacthaí spioradálta chomh maith agus go mór mór san fháidheoireacht. 2Mar an té a labhraíonn i dteanga, ní le daoine a bhíonn sé ag labhairt ach le Dia, mar nach dtuigeann duine ar bith é ach é ag trácht faoi anáil an Spioraid ar nithe rúnda. 3An té a thugann tairngreacht, áfach, is ag labhairt le daoine a bhíonn sé, dá neartú, dá spreagadh agus dá misniú. 4An té a labhraíonn i dteanga is leis féin amháin a threisíonn sé, ach an té a thugann tairngreacht bíonn sé ag treisiú leis an eaglais. 5Ba mhaith liom sibh go léir a bheith ag labhairt i dteangacha, ach bʼfhearr liom go dtabharfadh sibh tairngreacht, mar is éifeachtaí an fáidh ná fear na dteangacha a labhairt mura ndéanann duine éigin a chuid cainte sin a mhíniú dʼfhonn treisiú leis an eaglais.
6Cuirim i gcás, a bhráithre, go dtagaimse chugaibh ag labhairt i dteangacha, cén tairbhe daoibh mé mura mbíonn foilsiú éigin nó eolas nó tairngreacht nó teagasc éigin agam le tabhairt daoibh? 7Na huirlisí ceoil féin, nithe neamhbheo ar nós na feadóige agus na cruite, mura mbíonn dealú idir na nótaí iontu, conas a aithneofar a mbeidh dá sheinm orthu? 8Agus má thugann an stoc uaidh glór éiginnte, cé a ullmhóidh é féin chun catha? 9Sibh-se mar an gcéanna, mura labhraíonn sibh go soiléir sa teanga, conas a thuigfear a mbeidh dá rá? Ag caint san aer a bheidh sibh. 10Is iomaí sin teanga dhifriúil sa domhan agus gan aon cheann acu gan bhrí. 11Ach mura dtuigimse ciall na cainte beidh mé i mo choimhthíoch don chainteoir agus beidh an cainteoir ina choimhthíoch dom-sa . 12Sibh-se mar an gcéanna: ó tá dúil agaibh i dtíolacthaí an Spioraid, bíodh tóir agaibh ar an tosaíocht a bheith agaibh ag treisiú leis an eaglais. 13An té a labhraíonn i dteanga, mar sin, bíodh sé ag guí go ndéanfaidh duine éigin a chaint a mhíniú. 14Má dhéanaimse guí i dteanga is é mo spiorad a bhíonn ag guí ach bíonn mʼintleacht seasc. 15Cad atá le déanamh mar sin? Tá, go ndéanfaidh mé guí le mo spiorad ach go ndéanfaidh mé guí le mʼintleacht chomh maith. Canfaidh mé le mo spiorad ach canfaidh mé le mʼintleacht chomh maith. 16Más le do spiorad amháin a mholann tú conas a chuirfidh aon ghnáthdhuine ‘Áiméan’ le dʼaltú nuair nach bhfuil a fhios aige cad atá tú a rá? 17Bíodh féin go bhfuil dʼaltú ar fheabhas, ní haon tairbhe den fhear thall é. 18A bhuí le Dia gur mó a labhraím féin i dteangacha ná duine ar bith agaibh, 19ach nuair a bhím in eaglais is fearr liom cúig fhocal a labhairt ó mʼintleacht chun daoine eile a theagasc ná deich míle focal a labhairt i dteanga.
20A bhráithre, ná bígí leanbaí in bhur meon; is ea, bígí ar nós an linbh ó thaobh na hurchóide, ach bígí fásta suas ó thaobh an mheoin de. 21Tá scríofa sa dlí: “Labhróidh mé leis an bpobal seo,” arsa an Tiarna, “trí bhéal na n-allúrach agus trí bheola na n-eachtrannach, ach ní éisteoidh siad liom ar a shon sin.”
22Dá réir sin is comhartha na teangacha, ní do na creidmhigh ach do na díchreidmhigh; ach is do na creidmhigh is comhartha an fháidheoireacht agus ní do na díchreidmhigh. 23Cuirim i gcás má bhíonn an eaglais cruinnithe i gceann a chéile agus iad go léir ag labhairt i dteangacha agus go dtagann tuataí nó díchreidmhigh isteach, nach é a déarfaidh siad gur as bhur meabhair atá sibh? 24Más ag tabhairt tairngreachta a bhíonn siad go léir, áfach, agus díchreidmheach nó tuata a theacht isteach, is amhlaidh a bheidh sé dá chiontú ag gach duine agus dá mheas ag gach duine. 25Nochtfar rúin a chroí agus caithfidh sé é féin ar a bhéal ag déanamh ómóis do Dhia agus ag fógairt go bhfuil Dia in bhur measc dáiríre.
Ord agus Eagar ag na Cruinnithe
26Cad atá le déanamh mar sin, a bhráithre? Tá, nuair a thagann sibh i gceann a chéile bíonn ag gach duine salm nó teagasc nó foilsiú nó caint i dteanga nó míniú ar an gcaint sin; ach bíodh gach ní acu ag treisiú leis an gcomhluadar. 27Má dhéantar caint i dteanga, ná labhraíodh ach beirt nó triúr ar a mhéad, gach duine acu ar a sheal féin agus bíodh duine amháin ag míniú na cainte. 28Más rud é nach mbíonn aon duine ann a mhíneodh an chaint, fanadh gach duine ina thost san eaglais agus bíodh an chaint idir é féin agus Dia. 29Maidir leis na fáithe, ná labhraíodh thar bheirt nó thriúr agus déanadh an chuid eile a gcaint a mheas. 30Ach má fhaigheann duine eile foilsiú agus é ina shuí, bíodh an chéad duine ina thost; 31mar tá cead fáidheoireachta agaibh go léir, ach é a dhéanamh duine ar dhuine ar shlí go mbeidh sibh go léir ag foghlaim agus ag fáil spreagadh. 32Tá tíolacthaí spioradálta na bhfáithe faoi stiúir na bhfáithe féin, 33mar ní hé Dia an imris é Dia ach Dia na síochána.
Mar is gnách in eaglaisí uile na naomh, 34fanadh na mná ina dtost sna heaglaisí. Níl aon chead labhartha acu ach iad a bheith faoi smacht mar a deirtear sa dlí. 35Más áil leo fios aon ní a fháil, cuiridís ceist ar a bhfear sa bhaile, mar is náireach an mhaise do bhean labhairt in eaglais. 36An amach uaibh-se a tháinig briathar Dé? nó an chugaibhse amháin a tháinig sé? 37Más dóigh le haon duine gur fáidh nó duine spioradálta é féin, tuigeadh sé gur aithne ón Tiarna na nithe atá dá scríobh agam. 38Má bhíonn duine ainbhiosach, beifear ainbhiosach air. 39Bíodh dúil agaibh san fháidheoireacht, dá bhrí sin, a bhráithre, agus ná coiscigí labhairt i dteangacha. 40Ach déantar gach ní go cuí agus de réir oird.

Currently Selected:

1 Corantaigh 14: ABN2012

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in