1 Corantaigh 13
13
1Má labhraím i dteangacha daoine agus aingeal ach gan aon ghrá a bheith agam, níl ionam ach mar a bheadh prás ag fuaimneach nó ciombail ag clingeadh. 2Má tá bua fáidheoireachta agam, eolas ar gach rúndiamhair agus fios gach ní agam agus a oiread lánchreidimh agam agus a dʼaistreodh na sléibhte ach gan aon ghrá a bheith agam, is neamhní mé. 3Má roinnim amach mo mhaoin shaolta go léir, agus má thugaim suas mo chorp le dó ach gan aon ghrá a bheith agam, ní haon tairbhe dom é.
4Bíonn an grá foighneach agus bíonn sé lách; ní bhíonn éad air; ní dhéanann sé maíomh 5ná mórtas; ní bhíonn sé mímhúinte ná leithleasach, míchéadfach ná agrach. 6Ní háil leis an éagóir ach is aoibhinn leis an mhaith. 7Bíonn sé lán dʼfhadfhulaingt, lán de chreideamh, lán de dhóchas agus lán dʼfhoighne. 8Rachaidh an fháidheoireacht ar ceal, rachaidh na teangacha dá dtost, agus rachaidh an t-eolas ar neamhní, ach ní rachaidh an grá i léig go deo. 9Mar tá ár gcuid eolais easnamhach agus tá ár bhfáidheoireacht easnamhach; 10agus nuair a thiocfaidh ann an rud foirfe, rachaidh an rud easnamhach ar neamhní.
11Fad a bhí mé i mo leanbh, bhí caint agus meon agus réasún an linbh agam, ach ar mʼéirí suas i mʼfhear dom, dʼfhág mé bealaí an linbh i mo dhiaidh. 12Faoi láthair ní fheicimid ach mar a bheadh scáil go doiléir i scáthán ach ar ball gheobhaimid radharc aghaidh ar aghaidh air. Níl ach breaceolas agam faoi láthair ach beidh eolas iomlán agam ar ball, chomh hiomlán leis an eolas atá orm. 13Tá trí ní ann atá buan, más ea, creideamh, dóchas agus grá, ach is é an grá an ní is mó orthu-san.
Currently Selected:
1 Corantaigh 13: ABN2012
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 2012 Úsáidtear le cead. Used by permission.

: