YouVersion Logo
Search Icon

Rómhánach 7

7
1Nach bhfuil a fhios agaibh, a bhráithre, (ag labhairt leo‐san go bhfuil eolas an dlighe aca atáim), go mbíonn duine fá chumhacht dlighe a fhad agus bhíos sé beo? 2Óir an bhean go bhfuil fear aici atá sí ceangailte d’á fear do réir dlighe chómh fada agus atá seisean beo, acht má éagann a fear, atá sí scaoilte ó’n dlighe do cheangail le n‐a fear í. 3Uime sin, má tá sí pósta le fear eile, a fhad agus atá a fear beo, glaodhfar ban‐adhaltrannach uirthi; acht má tá a fear marbh, atá sí scaoilte ó’n dlighe sin: ar mhodh nach ban‐adhaltrannach í, má tá féin go bhfuil sí pósta le fear eile. 4Ar an gcuma sin, a bhráithre, atá sibh‐se marbh do’n dlighe tré chorp Chríost; chum go mbéadh sibh ceangailte do dhuine eile, is é sin do’n té do tógadh ó na marbhaibh, chum go dtiubhraimís toradh do Dhia. 5Óir nuair bhíomar fá réimeas na colna, na h‐ainmhianta peacamhla do bhí d’ár mbrostú ag an dlighe, do bhídís ag oibriú ’n‐ár mballaibh chum go dtiubhraidís toradh do’n bhás. 6Acht anois atáimid saor ó’n dlighe, ar mbeith marbh dúinn do’n dlighe ag a mbíodh greim orainn; ar mhodh, nach do réir sean‐scríbhinne do‐ghnímíd seirbhís, acht do réir spioraid úr‐nua.
7Créad adéarfaimíd, mar sin? An peacadh an dlighe? Nár leigidh Dia é. Acht muna mbéadh an dlighe, ní bhéadh eolas ar pheacadh agam: óir ní bhéadh eolas agam ar an sainnt, muna mbéadh go ndubhairt an dlighe, Ní dhéanfair sainnt. 8Acht fuair an peacadh faill orm thríd an aithne, gur spreag sé an uile shórt sainnte ionnam: óir taobh amuigh de’n dlighe do bhí an peacadh marbh. 9Do mhairinn‐se beo, tráth, taobh amuigh de’n dlighe: acht le teacht na h‐aithne, d’aithbheodhuigh an peacadh, agus do chuadhas‐sa i n‐éag, 10agus an aithne úd, do bhí ann chum beatha do thabhairt, fríth gurbh adhbhar báis damh‐sa í: 11óir fuair an peacadh faill orm, tríd an aithne, gur mheall sé me go mór, agus gur mharbhuigh sé mé. 12D’á bhrigh sin, atá an dlighe naomhtha, agus atá an aithne naomhtha, agus fírinneach, agus maith. 13An nidh atá maith ann féin, an amhlaidh do bhí sé ’n‐a adhbhar báis damh‐sa? Nár leigidh Dia é! Acht do bhí an peacadh, chum go bhfeicfidhe go soiléir gur peacadh é, ag tabhairt báis dom thríd an nidh maith; chum go mbéadh an peacadh an‐pheacamhail go deo. 14Óir atá a fhios againn go bhfuil an dlighe spioradálta, acht atáim‐se colnaidhe, díolta leis an bpeacadh. 15Óir an nidh do‐ghním ní fhuil a fhios agam chréad é: mar ní h‐é an nidh is mian liom do‐ghním; acht an nidh is gráin liom is é do‐ghním. 16Acht má’s é an nidh nach mian liom do‐ghnímh, admhuighim gur maith é an dlighe. 17D’á bhrigh sin, ní mise feasta do‐ghní é, acht an peacadh longuigheas ionnam. 18Óir atá a fhios agam nach longuigheann deagh‐nidh ar bith ionnam‐sa, is é sin im’ cholainn: óir is toil liom de ghnáth an deagh‐nidh do dhéanamh, acht ní fhuil ar chumas dom an deagh‐nidh do chur i ngníomh. 19Óir an mhaith ba mhian liom do dhéanamh, ní dhéanaim é, acht an t‐olc nár mhian liom do dhéanamh is é do‐ghním. 20Acht má ghním an nidh nach toil liom, ní mise do‐ghní é annsin, acht an peacadh longuigheas ionnam. 21Do‐gheibhim ionnam an dlighe, mar sin, nuair ba mhian liom an mhaith do déanamh, gur ab é an peacadh chómhnuigheas ionnam. 22Óir taithneann dlighe Dé liom im’ anam istigh: 23acht chím dlighe eile im’ bhallaibh, ag cur i gcoinnibh dlighe m’intinne, agus gam’ thabhairt i mbraighdeanas fá dhlighe an pheacaidh atá im’ bhallaibh. 24Mo léan! nach mise an duine truagha! Cia fhuasclóchas ó chorp so an bháis mé? 25Do‐bheirim buidheachas do Dhia tré Íosa Críost ár dTighearna. Uime sin, do‐ghním seirbhís do Dhia le m’intinn; acht do dhlighe an pheacaidh lem’ cholainn.

Currently Selected:

Rómhánach 7: ATN1951

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in