Rómhánach 16:25-27
Rómhánach 16:25-27 ATN1951
Anois, do’n té go bhfuil ar chumas dó sibh do dhaingniú do réir mo shoiscéil‐se, agus do réir seanmóireachta Íosa Críost, do réir foillsighthe na rúndiamhaire do cóngbhuigheadh fá cheilt leis na ciantaibh, acht atá d’á nochtadh anois, agus d’á cur i dtuigsin do’n uile chineadh tré scrioptúiribh na bhfáidh, do réir aithne an Dé shíorraidhe, chum go mbéidís umhal do’n chreideamh; do Dhia, an t‐aon eagnaidhe amháin, dó‐san go raibh an ghlóir, tré Íosa Críost, go saoghal na saoghal. Amén.





