Gníomhartha 23
23
1Annsin, d’fhéach Pól go grinn ar an árd‐chómhairle, agus adubhairt sé, A bhráithreacha, do chaitheas mo shaoghal i bhfiadhnaise Dé le deagh‐choinsias glan go dtí an lá so. 2Agus d’órduigh an t‐árd‐shagart dóibh‐sean do bhí ’n‐a seasamh ’n‐a aice a bhualadh ar an mbéal. 3Annsin adubhairt Pól, Buailfidh Dia thusa, a bhalla aolta: an bhfuil tusa id’ shuidhe chum breithe do thabhairt orm‐sa de réir na dlighe, agus an n‐órduigheann tú mo bhualadh i gcoinnibh na dlighe? 4Agus adubhairt siad‐san do bhí ’n‐a seasamh ’n‐a aice, An ag maslú an árd‐shagairt atáir? 5Agus adubhairt Pól, Ní raibh a fhios agam, a bhráithreacha, gurbh é an t‐árd‐shagart é: óir atá scríobhtha, Ní thiubhrair droch‐chainnt d’uachtarán mo phobail. 6Acht nuair thug Pól fá deara gur Shaddúcínigh cuid aca, agus gurbh Fhairisínigh an chuid eile, do ghlaodh sé amach i lár na h‐árd‐chómhairle, Is Fairisíneach mise, mac Fairisínigh: is mar gheall ar shúil bheith agam le h‐aiséirghe na marbh atáim ar mo thriail. 7Ar n‐a rádh sin dó, d’éirigh aighneas idir na Fairisínigh agus na Saddúicínigh: agus bhí deaghailt san gcómh‐chruinniú. 8Óir adeir na Saddúicínigh nach bhfuil aiséirghe ann, ná aingeal, ná spiorad: acht admhuigheann na Fairisínigh iad uile bheith ann. Agus annsin d’éirigh callán mór: 9agus do phreab cuid de scríobhaidhthibh na bhFairisíneach ’n‐a seasamh, agus do labhradar go colgach, g‐á rádh, Ní fhaighmíd‐ne olc ar bith san duine seo: agus má labhair spioraid féin, nó aingeal leis, cad mar gheall air? 10Agus nuair do bhí ag éirghe ar an gcallán go mór, d’órduigh an t‐árd‐chaiptín do na saighdiúiribh dul síos, ar eagla go sracfaidís Pól as a chéile eadortha, agus a thógáil le neart uatha agus a thabhairt isteach san gcaisleán.
11Agus an oidhche ’n‐a dhiaidh sin, do sheas an Tighearna le n‐a ais, agus adubhairt, Bíodh meisneach agat: óir fá mar atá fiadhnaise déanta agat im’ thaobh i nIarúsalem, caithfidh tú fiadhnaise do dhéanamh san Róimh, leis.
12Agus le h‐éirghe lae, tháinig na h‐Iúdaigh i gceann a chéile, agus do dhearbhuigheadar fá bhrigh na mionn, g‐a rádh nach n‐íosfaidís ná nach n‐ólfaidís nó go mbéadh Pól marbh aca. 13Agus do bhí tuilleadh agus dá fhichid duine aca do‐rinne an chóimhchealg sin. 14Agus thángadar chum na n‐árd‐shagart agus chum na seanóir, agus adubhradar, Atáimíd fá cheangal mionna mhóir, gan rud ar bith do bhlaiseadh no go raibh Pól marbh againn. 15Anois, d’á bhrigh sin, cuireadh sibh‐se agus an árd‐chómhairle scéala chum an árd‐chaiptín g‐á iarraidh air a thabhairt chugaibh, fá mar ba mhian libh eolas níos cruinne d’fhágháil ’n‐a thaobh: agus atáimíd‐ne ullamh le n‐a mharbhadh, sara dtiocfaidh sé i láthair. 16Acht do‐chuala mac deirbhsheathar Phóil i dtaobh na ceilge, agus tháinig sé agus do chuaidh sé isteach san gcaisleán, agus d’innis sé do Pól é. 17Agus do ghlaodh Pól duine de na ceanntúiribh chuige, agus adubhairt sé, Beir leat an buachaill seo chum an árd‐chaiptín: óir atá nidh aige le n’innsin dó. 18Annsin thug sé leis é chum an árd‐chaiptín, agus adubhairt sé, Do ghlaodh an príosúnach Pól chuige mé, agus d’iarr sé orm an buachaill seo do thabhairt duit, mar go bhfuil nidh aige le rádh leat. 19Agus rug an t‐árd‐chaiptín ar láimh air, agus d’imthigh sé leis i leathtaoibh, agus adubhairt, Créad é seo atá agat le n’innsin dom? 20Agus adubhairt seisean, Atá ceaptha ag na h‐Iúdachaibh a iarraidh ort Pól do thabhairt amach chum na h‐árd‐chómhairle amárach, fá mar ba mhian leat fios scéil níos cruinne d’fhághail ’n‐a thaobh Acht ná h‐éist leo: 21óir atá breis agus dá fhichid duine ag faire i gceilg air, agus iad fá cheangal móide gan biadh d’ithe ná braon d’ól nó go raibh sé marbh aca: agus atáid ullamh anois féin, ag feitheamh leis an ngeallamhain uait‐se. 22Agus do chuir an t‐árd‐chaiptín an buachaill uaidh, g‐á rádh leis, Ná h‐innis do dhuine ar bith gur chuiris an méid sin ar eolas dom. 23Agus do ghlaodh sé beirt cheanntúir chuige, agus adubhairt sé, Ullmhuighidh dhá chéad saighdiúir agus deichneabhar agus trí fichid marcach, agus dhá chéad fear sleagha, chum dul go Céasaria ar an treas uair de’n oidhche: 24agus d’órduigh sé eachraidhe do bheith ullamh aca, go gcuirfidís Pól ortha agus a thabhairt slán do’n árd‐riaghlóir Féilics. 25Agus do scríobh sé litir fá’n bhfuirm seo:
26Claudius Lusias chum an árd‐riaghlóra ró‐uasail, Féilics, beatha agus sláinte. 27Rug na h‐Iúdaigh ar an bhfear so, agus do bhíodar ar tí a chur chum báis, nuair thángas‐sa ortha i n‐éinfheacht leis na saighdiúiribh, agus nuair thuigeas gur Rómhánach é, do thógas slán uatha é. 28Annsin, mar ba mhian liom a fhios bheith agam créad do bhí aca d’á chur ’n‐a leith, thugas síos chum a n‐árd‐chómhairle féin é: 29annsin do thuigeas gur ceisteanna bhaineas le n‐a ndlighe féin do bhí san chúis, acht nach raibh rud ar bith do thuill bás ná braighdeanas d’á chur ’n‐a leith. 30Agus nuair fuaras fios scéil go mbéadh luigheachán aca do’n duine, do chuireas chugat‐sa é ar an láthair, g‐á rádh le n‐a éilightheoiribh an chúis atá aca air do phléidhe rómhat‐sa.
31Uime sin, do thóg na saighdiúirí Pól, fá mar h‐órduigheadh dhóibh, agus thugadar san oidhche é go h‐Antipatris. 32Acht an lá ’n‐a dhiaidh sin do leigeadar do’n mharc‐shluagh dul leis, agus thángadar féin ar ais chum an chaisleáin. 33Agus nuair tháinig siad go Céasaria agus thug siad an litir do’n árd‐riaghlóir, do chuir siad Pól ’n‐a láthair. 34Agus nuair bhí an litir léighte aige, d’fhiafruigh sé cia an phroibhinnse arbh as é; agus nuair do thuig sé gurbh as Cilicia dhó, 35Éistfead le n‐a bhfuil le rádh agat, adubhairt sé, chómh luath agus thiocfas siad‐san go bhfuil cúis aca ort: agus d’órduigh sé a chur fá choimhéad i bpálás Ioruaith.
Currently Selected:
Gníomhartha 23: ATN1951
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1932