Gníomhartha 19
19
1Agus thárla, le linn Apollós bheith i gCorinnt, go dtáinig Pól go h‐Eiféis, tar a éis dó dul tríd an dúthaigh uachtair, agus fuair sé beagán deisceabal annsin: 2agus adubhairt sé leo, Ar ghlacabhar an Spiorad Naomh nuair do chreideabhar? Agus adubheadar leis, Níor ghlacamar, níor chualamar go bhfuil an Spiorad Naomh ann chor ar bith. 3Agus d’fhiafruigh sé dhíobh, Créad ann ’n‐ar baisteadh sibh? Agus adubhradar, I mbaisteadh Eoin. 4Agus adubhairt Pól, Do bhaist Eoin le baisteadh na h‐aithrighe, g‐á radh leis na daoinibh creideamhain san té do bhí le teacht ’n‐a dhiaidh, is é sin, i nÍosa. 5Agus nuair do‐chualadar sin, do baisteadh iad i n‐ainm an Tighearna Íosa. 6Agus nuair do chuir Pól a lámha ortha, tháinig an Spiorad Naomh ortha; agus do labhradar as teangthachaibh, agus do‐rinneadar tarngaireacht. 7Agus timcheall dáréag aca do bhí ann.
8Agus do chuaidh sé isteach san tsionagóig, agus bhí sé ag labhairt go dána ar feadh trí mí, ag diospóireacht agus ag léir‐mhíniú i dtaobh ríoghachta Dé. 9Acht do bhí cuid aca d’éirigh dúr agus easumhal, ag labhairt go h‐olc i dtaobh na Slighe os cómhair an tsluaigh, agus d’imthigh sé uatha, agus do dhealuigh sé na deisceabail uatha, ag argóint go laetheamhail i scoil Thurannuis. 10Agus do lean mar sin ar feadh dhá bhliadhan; i dtreo go gcuala siad‐san do bhí ’n‐a gcómhnaidhe san Áise briathar an Tighearna, idir Iúdachaibh agus Ghréagachaibh. 11Agus do‐rinne Dia míorbhailtí éagsamhlacha tré lámhaibh Phóil: 12i dtreo go mbeirthí ó n‐a cholainn ciarsúirí nó aprúin chum na ndaoine breoite, agus go n‐imthigheadh na h‐aicídí dhíobh, agus go n‐imthigheadh na droch‐spioraidí asta. 13Acht do bhí cuid de na h‐Iúdachaibh siubhail, lucht deamhan do dhíbirt do bhí ag agairt ainme an Tighearna Íosa ortha‐san go raibh na droch‐spioraidí ionnta, g‐á rádh, Fógraim ort tré Íosa atá Pól do chraobhscaoileadh. 14Agus do bhí móirsheisear mac le Scébha, Iúdach áirithe, árd‐shagart, do bhí g‐á dhéanamh sin. 15Agus d’fhreagair an droch‐spioraid agus adubhairt sé leo, Atá aithne agam ar Íosa, agus atá aithne agam ar Phól; acht cia sibh‐se? 16Agus an fear ’n‐a raibh an droch‐spioraid, do léim sé ortha, agus fuair sé an lámh láidir ar an mbeirt aca, agus do ghabh sé ortha ar an gcuma sin gur theicheadar as an tigh sin lom‐nocht, créachta. Agus fuair gach duine, 17idir Iúdachaibh agus Ghréagachaibh do bhí ’n‐a gcómhnuidhe i nEiféis, fios ’n‐a thaobh sin, agus do scannruigheadh iad go mór, agus do móradh ainm an Tighearna Íosa. 18Agus tháinig mórán díobh san do chreid, ag admháil, agus ag nochtadh a ngníomhartha. 19Agus do bhí cuid nár bheag díobh‐san do bhíodh ag cleachtadh ealadhan draoidheachta, thug a gcuid leabhar leo, agus do dhóigh iad i bhfiadhnaise cáich: agus do chómhaireadh a luach, agus fríth gurbh fhiú caogad míle bonn airgid air. 20Mar sin do bhriathar an Tighearna agus é ag dul i bhfás agus i dtreise.
21Agus nuair do bhí deireadh leis na neithidh sin, do cheap Pól ’n‐a inntinn gabháil tríd an Mhaiceadóin agus tré Acháia, agus annsin dul go h‐Iarúsalem, g‐á rádh, Tar a éis dom bheith annsin, ní mór dom an Róimh d’fheicsint, chómh maith. 22Agus tar a éis dó beirt díobh‐san do bhíodh ag freastal dó, Timóteus agus Erastus do chur go dtí an Mhaiceadóin, d’fhan sé féin tamall san Áise.
23Agus le n‐a linn sin d’éirigh achrann nár bheag i dtaobh na Slighe. 24Óir do bhí fear amháin darbh ainm Demétrius, gabha geal, do bhíodh ag déanamh scrín airgid do Dhiana, agus bhíodh brabach nár bheag ag dul d’á cheárdaidhthibh de bhárr an ghnó; 25do chruinnigh sé le chéile iad‐san, agus daoine eile de’n chéird chéadna, agus adubhairt sé, A fheara, is eol daoibh gur ab ar an gcéird seo atá ár seasamh. 26Agus do‐chí sibh, agus do‐chluin sibh go bhfuil a lán mór daoine iompuighthe ag an bPól so, ní h‐é amháin i nEiféis, acht ar fud na h‐Áise ar fad, g‐á rádh nach déithe ar chor ar bith na déithe do‐ghnítear le lámhaibh: 27agus is baoghal, ní h‐é amháin go dtiocfaidh droch‐chlú ar an gcéird seo againn, acht go ndéanfar beag‐is‐fiú de theampall na bain‐dé móire Diana, agus go rachaidh a mórdhacht ar ceal, ise go bhfuil an Áise uile agus an domhan uile g‐á h‐adhradh. 28Ar n‐a chlos sin dóibh, d’éirigheadar chum feirge, agus do ghlaodhadar amach, g‐á rádh, Is mór í Diana na nEiféiseach. 29Agus do bhí an chathair tré chéile le clampar: agus do ritheadar i n‐éinfheacht isteach san téatar, agus greim aca ar Gháius agus ar Aristárchus, beirt ó’n Mhaiceadóin, comrádaidhthe siubhail do Phól. 30Agus nuair do cheap Pól dul isteach i measc na ndaoine, ní leigfeadh na deisceabail dó é. 31Agus do bhí cuid d’oifigeachaibh na h‐Áise, cáirde leis, do chuir teachtaireachta chuige, g‐á iarraidh air gan dul isteach san téatar. 32Do ghlaodh cuid de na daoinibh é seo, agus cuid eile é siúd: óir do bhí an cruinniú i n‐achrann a chéile; gan a fhios bheith ag an gcuid ba mhó aca cad chuige a dtángadar le chéile. 33Agus thugadar Alecsander amach as lár an tsluaigh, na h‐Iúdaigh g‐á sháthadh rómpa. Agus do bhagair Alecsander a lámh ortha, d’fhonn pléidhe leis na daoinibh. 34Acht ní túisce chonnacadar gur Iúdach é, ’ná ghlaodhadar go léir d’aon gháir amháin ar feadh dhá uair an chluig, nó mar sin, Is mór í Diana na nEiféiseach. 35Agus nuair do chiúnuigh cléireach na cathrach an pobal, adubhairt sé, A fheara Eiféiseacha, cia h‐é an duine agaibh nach bhfuil a fhios aige gur ab ar chathair na nEiféiseach atá cúram teampaill Diana móire, agus na h‐íomháighe do thuit ó Iúpiter anuas? 36D’á bhrigh sin, nuair nach féidir cur ’n‐a choinnibh, ba cheart daoibh fanamhain socair, gan éinnidh do dhéanamh go h‐obann. 37Óir thugabhar annso na fir seo, nach ndearna goid i dteampall agus nach dtug masla d’ár mbaindia. 38Acht má tá ag Demétrius, agus ag na ceárdaidhthibh atá i bpáirt leis, cúis i n‐aghaidh aon duine, atá na cúirteanna ann, agus atá próconsúil ann: pléidhidís an cheist le chéile. 39Acht má’s neithe eile nach iad atá le réidhteach agaibh, socróchar iad san gcóimhthionól dlisteanach. 40Óir is baoghal dúinn go gcuirfear ’n‐ár leith toirmeasc an lae indiu, gan aon adhbh r bheith leis, agus gan ar chumas dúinn cunntas do thabhairt ar an gcruinniú so. 41Nuair do bhí an méid sin ráidhte aige, do chuir sé scaipeadh ar an gcóimhthionól.
Currently Selected:
Gníomhartha 19: ATN1951
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1932