YouVersion Logo
Search Icon

Lúcás 2

2
CAIBIDIOL II.
Beirtear Críost. Tugtar do’n Tighearna é. Targaireacht Simeón. Faghtar Críost, i n-aoír a dhá bhlian déag, ameasg na ndochtúirí.
1Do thárla, ámhthach, ins na laethibh sin go ndeaghaidh reacht amach ó Chaesar August go ndéanfaí áireamh ar an ndomhan go léir. 2Do deineadh an chéad áireamh so nuair a bhí Curínus i n’ uachtarán ar crích Síria. 3Agus do ghluais na daoine go léir chun go ndéanfaí iad d’áireamh, gach aoinne ’n-a chathair féin. 4Agus chuaidh Ióseph ó Ghaililí, ó chathair Nasareit, suas go Iúdaéa, go #1 Rígh. 20:6.cathair Dháibhid ar a dtugtar #Mích. 5:2.Betlehem, toisg go mba de theaghlach agus de shliocht Dáibhid é. 5Chun go ndéanfaí é dh’áireamh i n-aonfheacht le Muire, a bhan-chéile a bhí ag iompar clainne.
6Agus do thárla, agus iad ann, go dtáinig a h-aimsir chun na clainne do bhreith; 7Agus do rug sí a mac, a céadghein, agus d’fhill sí i n-éadaighibh é, agus chuir sí ’n-a luighe i mainséar é, mar ní raibh aontslígh dhóibh sa tigh ósda.#2:7 Ver. 7. a céadghein, Ní h-amhlaidh a chialluigheann an chaint go raibh tuille clainne aici n-a dhiaidh san. Nós cainte ag na h-eabhraigh ab eadh “céadghein” do thabhairt ar leanbh bíodh ná beadh ag an lánmhain sin ach an t-aon leanbh amháin sin.
8Agus do bhí aodhairí sa cheanntar chéadna agus iad ag faire na dtráth sa n-oidhche ar a dtréad. 9Agus féach, tháinig aingeal ó’n dTighearna agus sheasaimh sé ’n-a n-aice, agus do las solus Dé ’n-a dtímpal, agus tháinig eagla mór ortha. 10Agus dubhairt an t-aingeal leó: Ná bíodh eagla oraibh, mar féach, tugaim sgéala dhaoibh ar lúthgháir mhór atá le teacht chun na ndaoine go léir; 11mar go bhfuil Slánuightheóir beirthe dhaoibh indiu, ’sé sin Críost an Tighearna, i gcathair Dáibhid. 12Agus seo cómhartha dhaoibh: Gheobhaidh sibh an leanbh fillte i n-éadaighibh ’n-a luighe i mainséar. 13Agus láithreach do bhí i bhfochair an aingil mór-shluagh na bhflathas agus iad ag moladh Dé, agus deiridís: 14Glóire do Dhia ins na flathais go h-árd, agus ar talamh síothcáin do lucht deagh-mhéinne.
15Agus do thárla, nuair a d’imthigh na h-aingil uatha suas ins na flathais, gur labhair na h-aodhairí le n-a chéile: Téighmís go Betlehem agus feicimís an briathar so do thárla ann, agus a thaisbeáin Dia dhúinn. 16Agus thánadar ar luas, agus do fuaradar Muire agus Ióseph, agus an leanbh ’n-a luighe sa mhainséar. 17Agus nuair a chonacadar do thuigeadar ’n-a n-aigne i dtaobh an bhréithir a labhradh leó ar an leanbh san. 18Agus gach ar airigh iad, dheineadar iongna de sna neithe a dh’innis na h-aodhairí dhóibh. 19Agus do choimeád Muire na labhartha san go léir, ghá mbreithniú ’n-a croidhe. 20Agus d’fhill na h-aodhairí agus thugadar moladh agus glóire do Dhia mar gheall ar a bhfeacadar agus ar ar chloiseadar, fé mar a dubhradh leó.
21 # Gen. 17:12; Lebhit. 12:3. Agus nuair a críochnuigheadh an t-ocht lá agus a deineadh an tímpalghearradh ar an leanbh, do tugadh mar ainim air ÍOSA, an ainim a thug an t-aingeal air sar ar gabhadh é sa broinn.
22Agus nuair a bhí laethanta a h-íodhnuighthe caithte #Lebhit. 12:6.do réir dlíghe Mhaoise, do rugadar leó an leanbh go Ierúsalem chun go gcuirfidís i láthair an Tighearna é, 23Do réir mar atá sgríobhtha i ndlígh an Tighearna: #Exod. 13:2; Uimh. 8:16.Gach firean ag osgailt broinne is naomhtha chun an Tighearna é. 24Agus chun go dtabharfaidís an ofráil #Lebhit. 12:8.mar a h-órduighthear i ndlígh an Tighearna, cúpla colúr nó dhá ghearrcach colúir.
25Agus féach, bhí i n-Ierúsalem duine dár bh’ainim Simeón, agus bhí an duine sin fíoraonta, diadha, ag súil le sólás Israéil, agus bhí an Spioraid Naomh ann. 26Agus do tugadh foillsiú dhó ó’n Spioraid Naomh ná feicfeadh sé bás chun go bhfeicfeadh sé Críost an Tighearna. 27Agus tháinig sé, sa spioraid, isteach sa teampul. Agus nuair a thug a mhuintir an leanbh Íosa isteach ann, ag cómhlíonadh nóis na dlíghe dhó; 28Do thóg seisean chuige i n’ucht é, agus thug sé moladh do Dhia agus dubhairt sé:
29Anois a leigeann tú chun siubhail, a Thighearna, do seirbhíseach, do réir t’fhocail i síothcháin, 30Óir chonaic mo shúile do shlánú, 31A dh’ollamhuighis os cómhair na bpobal go léir; 32Solus chun na ngeinte do shoillsiú, agus glóire do d’phobul féin Israél.
33Agus bhí Ióseph agus an mháthair ag déanamh iongna de sna neithe a bhí d’á rádh ’n-a thaobh; 34Agus do chuir Simeón a bheannacht ortha, agus dubhairt sé le Muire a mháthair: Féach, #Isáias 8:14.tá so ceapaithe chun díthe agus chun aiseirighthe dh’á lán i n-Israél, agus chun bheith ’n-a chómhartha a gheobhaidh diúltadh;#2:34 Ver. 34. chun díthe Táinig Críost chun na cine daona go léir do shaoradh, ach d’innis Simeón anso an nídh a bhí le teacht .i. go mbeadh a lán a dhiúltóchadh’, tré n-a gceanntréine féin agus tré n-a ndaille toilteanach féin, do theagasg Críost, agus ná glacfadh an chreideamh, agus go mbeadh san ’n-a thrúig díthe dhóibh; agus go mbeadh a lán eile a bheadh umhal do Críost agus do ghlacfadh an creideamh agus a chimeadfadh a dhlígh, agus go mbeadh san, i n’ adhbhar aiseirighthe dhóibh sin. 35Agus raghaid claidheamh tré t’anam-sa féin, ionus go nochtfaí smuínte as mórán croidhthe.
36Agus ban-fháidh dob’ eadh Anna inghean Phanuéil, de threibh Aser, agus bhí sí tar éis mórán laethanta chur di, agus bhí sí tar éis seacht mbliana ó n-a h-óige do chaitheamh agá fear. 37Agus bhí sí sin ’n-a baintrigh go dtí go raibh sí ceithre bliana agus cheithre fichid, agus ní fhaghadh sí an teampal, ach ag déanamh trosgaidh agus úrnuighthe i n-onóir do Dhia do ló agus d’oidhche. 38Agus tháinig sí sin do láthair an uair chéadna, agus d’admhuigh sí an Tighearna agus do labhair sí ’n-a thaobh le gach duine a bhí ag súil le fuasgailt Israéil.
39Agus nuair a bhí gach nídh cómhliónta acu do réir dlíghe an Tighearna, d’fhilleadár go Gaililí agus go dtí a mbaile féin Nasaret.
40Agus d’fás an mac agus do neartuigh sé, lán d’eagna, agus bhí grásta Dé ann.
41Agus do théigheadh a mhuintir go Ierúsalem gach bliain uim fhéile na Cásga. 42Agus nuair a bhí sé dhá bhliain déag do chuadar suas go Ierúsalem do réir ghnáis na féile, 43Agus nuair a bhí na laethanta caithte agus iad ag filleadh d’fhan an mac, Íosa, i n-Ierúsalem, agus ní raibh a fhios san agá mhuintir. 44Cheapadar go raibh sé ameasg na ndaoine, agus thánadar siubhal aon lae ar aghaidh, agus bhíodar ’ghá lorg ameasg a ngaolta agus a lucht aithne, 45Ach ní bhfuaradar é, agus d’fhilleadar go Ierúsalem, ’ghá lorg. 46Agus do thárla, tar éis trí lá go bhfuaradar é sa teampul ’n-a shuidhe ameasg na n-ollamh, ag éisteacht leó agus ’ghá gceisdiú. 47Agus bhí iongna ar a raibh ag éisteacht leis, mar gheall ar a ghuntacht agus ar na freagraí a thugadh sé. 48Agus bhí iongna ortha-san nuair a chonacadar é. Agus dubhairt a mháthair leis: A mhic, cad é seo atá déanta agat orainn? Féach, bhí t’athair agus mise go buartha ar do lorg. 49Agus dubhairt sé leó: Cad chuige go rabhabhair ar mo lorg? Ná raibh ’fhios agaibh nách foláir mé bheith ins na neithibh a bhaineann le m’Athair? 50Agus níor thuigeadar-san an focal a labhair sé leó. 51Agus d’fhill sé anuas leó agus tháinig sé go Nasaret, agus bhí sé úmhal dóibh. Agus do choimeád a mháthair na focail sin go léir ’n-a croidhe féin.
52Agus do chuaidh Íosa ar aghaidh i n-eagna agus i n-aois, agus i ngrásta i láthair Dé agus daoine.

Currently Selected:

Lúcás 2: POL

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in