Gníomhartha 17
17
CAIBIDIOL XVII.
Seanmóiniú Phóil do sna Tessalónaigh agus do sna Bereánaigh. a chainnt leis na h-aténachaibh.
1Ansan do shiúbhluíghdar Amphipolis agus Apollónia, agus thánadar go Tesaloníca, áit ’na raibh sinagóg leis na Iúdaígh. 2Chuaid Pól isteach chúcha, mar ba ghnáth leis, agus i gcaitheamh trí sabbóidi bhí sé ag léiriú dhóibh as an Scriptiúir, 3’Ghá osgailt dóibh agus ’gha chur ’n-a luighe ortha conus nár bhfoláir do’n Chríost fulag agus eirighe ós na mairbh; agus gur bh’é seo an t-Íosa Criost, atá agamsa d’á fhógairt daoibhse. 4Agus do chreid cuid acu agus ghabhdar le Pól agus le Sílas, agus de sna geintibh a bhi diadha, sluagh ana-mór, agus rainnt nár shuarach de mhnáibh a bhí uasal.
5Ansan tháinig éad ar na Iúdaígh agus do bhailíghdar as an sluagh rainnt droch-daoine agus dheineadar achrann agus chuireadar an chathair i gcollóid. Ansan thánadar tímpal ar thigh Iásoin agus bhíodar a d’iarraidh go gcurfi amach chun an phobhuil iad-san. 6Agus nuair ná fuaradar iad do rugadar Iáson agus cuid de sna bhráithre i láthair uachtaráin na catharach, rádh go h-árd: tháinig anso, leis, an aicme seo atá ag cur na #17:6 Ver. 6. na catharach, Sa Ghréigis, oikoumenén = “an domhan.”catharach tré chéile, 7Agus ghlac Iáson iad: agus táid siad go léir ag gabhail i gcoinnibh dlighe Chaesair, ’ghá radh go bhfuil rí eile ann, Íosa.
8Agus do ghríosadar na daoine agus na h-uachtaráin, a bhí ag éisteacht leis na neithibh sin. 9Agus nuair a bhaineadar sásamh de Iáson agus de’n gcuid eile do leogadar chun siúbhail iad.
10Agus gan mhoill do chuir na bráithre chun siúbhail, san oidhche, Pól agus Sílas, go Beréa. Agus nuair a thánadar ann do chuadar isteach i sinagóig na n-Iúdach. 11Agus bhíodar so níos uaisle ’ná muinntir Thesaloníca, agus do ghlacadar an briathar le lán-díogras, agus bhídís coitchianta ag cuardach na Scriptiúiri féachaint an mbíodh san amhlaid.#17:11 Ver. 11. níos uaisle, Moltar, agus is ceart é, Iúdaígh Bheréa mar gheall ar an bhfírinne do glacadhé chóm fonnmhar, agus bheith ag sgrúdadh na Sgríbhinne Diadha chun na cainnte a dúbhairt na h-aspuil a dh’fhágail amach. Ba ghalánta go mór an nídh sin ’ná an rud a dhein mhuinntir Tessaloníca, .i. lucht an tSoisgéil do chrádh gan aon chuardach a dhéanamh féachaint ar bh’fhíor an rud a bhí acu d’á mhúine. 12Agus do chreid a lán acu, agus de sna mnáibh geinteacha a bhí uasal, agus cuid nár bheag de sna feáraibh. 13Ansan d’áirigh na Iúdáigh i dTesaloníca go raibh Pól ag teagasg bréithir Dé i’mBeréa agus thánadar ann ag déanamh toirmisg ag chur tré chéile ar na daoine. 14Ansan, go tapaidh, chuir na bráithre Pól chun na farraige; ach d’fhan Sílas agus Tímoteus sá n-áit.
15Agus an mhuinntir a chuaid le Pól do rugadar go dtí Aténé é, agus thug sé órdú dhóibh le tábhairt do Sílas agus do Thimoteus ’ghá rád leó teacht ag triall air láithreach, agus ghluaiseadar.
16An fhaid a bhí Pól i n-Aténé ag feitheamh leó d’eirigh dásácht aigne istigh ann nuair a chonnaic sé an chathair tábhárta suas ar fad d’adhradh ná n-íodhol. 17Bhíodh sé, dá bhrígh sin, ag díospóireácht sa tsinagóig leis na Iúdaígh agus leis na daoine a bhí diadha, agus i n-áit an mhárgaidh gach aon lá, leis na daoine a bhíodh ann. 18Agus bhíodh cuid d’ollamhnaibh na n-Epicúrach águs na Stóiceách ag cur air, agus deireádh cuid acu: Cad ’tá ó’n bhfear so n-á bhfuil an chainnt go léir aige? Ansan deireadh tuille acu: Déithe nua atá aige ’á chráobhsgaoile, is dócha; mar bhí sé ag cainnt leó i dtáobh Íosá agus i dtáobh na h-aiseiríghe. 19Ansan do rugadar air agus thósadar leó é go dtí an t-Areopagus, agus dubhradar: An misde dhúinne eolus a dh’fhághail ar an dteagasg nua so atá agatsa ’á thábhairt uait? 20Tá neithe nua agat ’á chur i n-ár gcluasaibh. Ba mháith linn a fhios a bheith againn cad é an sagas neithe iad. 21(Ba ghnáth, ámhthach, leis na h-Aténigh go léir agus le pé daoine iásachta a bhíodh ann gan suim a chur i n-aon rud eile ach bheith ag innsint agus ag cloisint nuacht.)
22Do sheasaimh Pól i lár an areopaguis agus dubhairt sé: A fheara Aténacha, chim sibhse, ins gach slighe, ana-úmhal do dhéithibh. 23Óir, ag gabhail na slighe agus ag féachaint dom an bhúr n-íomhághthibh, do fuaras altóir agus bhí sgríobhtha uirthi “Do’n Dia ná h-aithnightear.” An nídh sin a dh’onórann sibh gan aithne agaibh air, táimse ’ghá theagasg daoibh. 24#Gen. 1:1.Dia, a dhein an domhan agus gach a bhfuil ann, ó ’sé Tighearna neimhe agus talmhan é, #Supra 7:48.ní chómhnuigheann sé i dteampallaibh a deineadh le lámhaibh;#17:24 Ver. 24 ní chómhnuigheann sé i dteampallaibh Ní coinnightear é i dteampallaibh i gcéill go mbeadh riachtanas aige leó chun cómhnuighthe, nú chun aon úsáide eile, mar mheasadh na págánaigh. Ach ó tá sé ins gach uile áit, tá sé ins na teampallaibh fé mar atá sé ins gach át eile. 25Ná ní deintear dó, le lámhaibh daoine, seirbhís go bhfuil gádh aige leis, óir isé féin a thugann do gach duine anam agus anál agus gach uile nídh. 26Agus do chuir sé, ó aon duine amháin, an chine dhaona go léir ’n-a gcómhnuidhe ar uachtar na talmhan, agus do cheap sé gach tréimse aimsire dhóibh chun cómhnuighthe ann, agus gach teóra, 27Chun iad a bheith ag lorg Dé, féachaint an bhféadfaidís teangabháil leis ná teacht suas leis, bhíodh ná fuil sé abhfad ó gach duine againn. 28Óir is ann féin á mhairimíd agus a chorruighmíd agus atáimíd, fé mar adeir daoine d’bhur bhfilíbh féin; “Óir is d’á gheineamhaint sinn.” 29D’á bhrígh sin, ó’s de gheineamaint Dé sinn, ní cóir dúinn a mheas go mbeadh Dia cosmhail le h-ór ’ná le h-airgead ná le cloich, snoíghe ealadhan agus ceapadh aigne duine. 30Agus anois tá Dia ag leogaint aimsire an ainbhfiosa san thairis agus ’ghá fhógairth do sna daoine, go ndéanfaidís go léir aithrighe ins gach aon bhall, 31Mar go bhfuil lá ceapaithe aige chun bhreitheamhantais a thabhairt ar an ndomhan do réir chirt, tríd an bhfear atá ceapaithe aige, ag tabhairt creidimh do gach aon duine, mar gur thóg sé ó sna mairbh é.
32Ach nuair airíghdar an aiseirighe ó sna mairbh chrom cuid acu ar mhagadh dhéanamh, agus dubhairt cuid acu: Éistfimíd leat uair éigin eile i dtaobh an sgéil sin. 33Ansan d’imthigh Pól uatha amach. 34Ach do lean fir áirithe é agus chreideadar, ar a raibh Díonusios an t-Areopagach, agus bean n-ar bh’ainim di Damaris, agus tuille leo.
Currently Selected:
Gníomhartha 17: POL
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
historic text maintained by the Bible Society.