YouVersion Logo
Search Icon

Gníomhartha 27

27
Caibidil XXVII
Cuirtear Pól ar luing chun na Róimhe. A aistear agus briseadh luinge.
1Agus nuair a bhí sé socair go seolfadh sé chun na h-Iodáile, agus go dtabharfaidhe Pól mar aon le príosúnaigh eile do cheanntúir, darbhainm Iúl, a bhí ós cionn na buidhne, dá ngoirtí buidhean Auguist,
2Chuadhamar ar bórd luinge as Adrumetum, agus chuireamar chun fairrge, agus rún againn seoladh fá chóstaí na h-Aisia, agus bhí Aristarcus as Teasalonaic na Maicideoine linn.
3Agus lá ar n-a bhárach tháiniceamar go Sidon. Agus rinne Iúl cinéaltas ar Pól, ag tabhairt cheada dó dul chuig a cháirde, agus amharc ina dhiaidh féin.
4Agus ar fhágáil na h-áite sin dúinn, sheolamar faoi’n Chufair, óir bhí na gaotha i n-ár n-éadan.
5Agus ar sheoladh dúinn thar fhairrge na Cilicia agus na Pampaille, tháiniceamar go Listra i Licia:
6Agus ó fuair an cheanntúir long as Cathair Alastair annsin ag seoladh chun na h-Iodháile, chuir sé sinne uirthí.
7Agus nuair a bhíomar ag seoladh go mall ar feadh mórán laethe, agus tháiniceamar ar éigean ós coinne Ghniduis, óir níor leig an ghaoth dúinn, sheolamar taobh le Salmon i n-aice leis an Chréid:
8Agus ag seoladh thairis sin ar éigean dúinn, thainiceamar go h-áit áirithe, dá ngoirtear na Cuanta Breágha, dá bhfuil an chathair Talassa i ngaobhar.
9Agus nuair a bhí mórán ama caithte againn, agus an seoladh le n-a linn seo baoghalach, de bhrígh go raibh an troscadh anois thart, thug Pól sólás doibh,
10Ag rádh leo: A fheara, tchím go bhfuil an seoladh ar tí a bheith ina dhochar agus ina chaill mhóir ní amháin do’n lasta, agus do’n luing, acht fosta dár mbeo féin.
11Acht ba mhó a chreid an ceanntúir an stiúrthóir agus máighistir an tsoithigh, ná na neithe a dubhairt Pól.
12Agus de bhrígh nár chuid é a bhí fóirstineach le geimhreadh a chaithéamh ann, chómhairligh an chuid ba mhó seoladh as sin, agus dá mb’fhéidir dóibh ar chor ar bith é, dul agus an geimhreadh a chaitheamh i bPeinic, cuan san Chréid a bhfuil a aghaidh siar ó dheas agus siar ó thuaidh.
13Agus ó bhí an ghaoth a ndeas ag séideadh go h-éadhtrom, ag meas dóibh go n-éireochadh a dturas leo, chuir siad chun fairrge ó Asson, agus sheol siad taobh leis an Chréid.
14Acht ba gheárr ina dhiaidh sin gur éirigh gaoth dhoineannta ina h-éadan, dá ngoirtear Euro-acuilo.
15Agus nuair a baineadh stad as an luing, agus gan í ábalta cur i n-aghaidh na gaoithe, leigeamar an long leis an ghaoith, agus tugadh ar shiubhal sinn.
16Agus ar rith síos dúinn faoi oileán áirithe, dá ngoirtear Cauda, is ar éigean a fuaireamar greim ar an bhád.
17Acht thóg siad suas é, agus ghlac siad gach aon chinéal cabhartha, ag ceangal na luinge thart faoithe, agush ar eagla tuitim san ghainimh shlogthaigh dóibh, leig siad anuas na seolta, agus h-iomhcháradh ar aghaidh mar sin iadh.
18Agus mar go rabhamar dár gcaitheamh anonn agus anall le méid na doininne, chaith siad amach cuid de’n lasta lá ar n-a bhárach.
19Agus ar an treas la chaith siad amach táclaí na luinge le n-a lámha féin.
20Agus mar nár nocht grian ná réalta ar feadh mórán laethé, agus stoirm nár bheag ag luighé orainn, baineadh dínn annsin cib é dhóchas ár sábhála a bhí againn.
21Agus nuair a bhí troscadh fada déanta, sheasuigh Pól ina measc, agus dubhairt: A fheara, ba chóir díbh go deimhin éisteacht liom-sa, agus gan chur chun fairrge ó’n Chréid, agus gan an dochar agus an chaill seo d’fhagháil dá bhárr.
22Agus anois iarraim oraibh misneach maith a bheith agaibh. Óir ní chaillfidh aoinneach agaibh a beo, acht an long amháin.
23Óir sheasuigh le mo thaoibh anocht aingeal le Dia, ar leis mé, agus dhá ndhéanaim seirbhís,
24Agus dubhairt: Ná bíodh eagla ort, a Phóil, is éigeah duit dul i láthair Chaesair: agus féach, thug Dia duit iad sin uilig atá ag seoladh i n-aoinfheacht leat.
25Ar an adhbhar sin, a fheara, bhíodh misneach maith aghaibh: óir creidim Dia gurab amhlaidh bhéas sé mar a dubhradh liom.
26Agus is éigean dúinn teacht go h-oileán áirithe.
27Agus i gcionn na ceathramhadh h-oidhche, ag seoladh dúinn san Adria tuairim ar an mheadhón oidhche, samhluigheadh do na mairnéalaigh tír éigin a bheith ar a n-amharc.
28Agus ar leigin síos na luaidhe dóibh, fuair siad fiche feadh: agus ar dhul giota eile as sin dóibh, fuair siad cúig feadha déág.
29Agus ar eagla go mbuailimís isteach ar áiteacha garbha, chaith siad ceithre h-ancairí amach as deireadh an tsoithigh agus iad ag dúil leis an lá.
30Acht mar go raibh na mairnéalaigh i bhfáthach le teicheamh as an luing, agus leig siad an bád síos san fairrge, amhail agus dá mbéadh siad ag dul a chaitheamh ancairí amadh as toiseach na luinge,
31Dubhairt Pól leis an cheanntúir agus leis na saighdiuirí: Muna bhfanaidh siad seo san luing, ní féidir sibh-se a shábháil.
32Annsin ghearr na saighdiuirí rópaí an bháid, agus leig siad dó tuitim amach.
33Agus nuair a thoisigh solus lae a theacht, d’iarr Pól ortha uilig biadh a chaitheamh, ag rádh: Is é seo an ceathramhadh lá déag díbh ag fuireach, agus sibh bhur dtroscadh, gan dadamh d’ithe.
34Dá bhrígh sin, guidhim sibh biadh a chaitheamh do gheall ar bhur sláinte: óir ní chaillfear ruibe gruaige de chionn dhuine ar bith agaibh.
35Agus nuair a bhí na neithe sin ráidhte aige, ghlac sé arán, agus thug buidheachas do Dhia ina bhfiadhnaise go léir: agus nuair a bhris sé é, thoisigh sé a ithe.
36Annsin tháinic ní ba mhó misnigh chuca uilig, agus ghlac siad-san biadh fosta.
37Agus ba dhá chéad agus sé déag ar thrí fichid anam an méid againn a bhí san luing.
38Agus nuair a bhí a sáith ithte acu, d’éadtromuigh siad an long, ag caitheamh na cruithneachta amach san fhairrge dóibh.
39Agus nuair a tháinic an lá, níor aithin siad an tír: acht thug siad fá dear caslach áirithe ina raibh tráigh, agus bhí rún acu an long a sháthadh isteach annsin, dá mb’fhéidir leo.
40Agus ar thógáil na n-ancairí dóibh, thaobh siad iad féin leis an fhairrge, agus san am chéadna scaoil siad ceanglacha na stiuire: agus ag crochadh an tseoil mhóir i mbéal na gaoithe dóibh, shín siad chun na trágha,
41Agus ar theacht dúinn go h-áit ina raibh dhá fhairrge ag bualadh ar a chéile, rith siad an long fá thalamh: agus chuaidh an toiseach i bhfastódh leoga, agus d’fhan sé gan chorrughadh: acht briseadh an deireadh le neart na fairrge.#2 Cor. 11, 25.
42Agus b’í cómhairle na saighdiuirí na príosúnaigh a mharbhadh: ar eagla, ag snámh amach d’aoinneach acu, go n-éaluigheadh sé.
43Acht d’fhonn Pól a shábháil, chros an ceanntúir sin a dhéanamh: agus d’órduigh sé dóbhtha sin a raibh snámh acu dul amach ar dtús, agus iad féin a shábháil, agus an talamh a bhaint amach:
44Agus d’iomchar siad cuid de’n mhuinntir eile ar chláraí: agus tuilleadh ar ghiotaí a bhain de’n luing. Agus ba mar sin a thárla go dtáinic an uile anam slán chun an talaimh.

Currently Selected:

Gníomhartha 27: ASN1943

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in