Gníomhartha 22
22
Caibidil XXII.
Bheir Pól tuairisc do’n phobal ar a thionntódh chun creidimh. Seachnann sé sciúrsáil tré éileamh pribhléid Rómhánaigh.
1A fheara, a bhráithre, agus a aithreacha, éistigidh leis an tuarasc-bháil a bheirim díbh anois.
2Agus nuair a chuala siad go raibh sé ag labhairt leo i dteangaidh na h-Eabhraise, ba mhóide a d’fhan siad ina dtost.
3Agus deir sé: Is Iúdach mise, a rugadh i dTarsus i gCilicia, acht ba san chathair seo ag cosa Ghamaliéil a h-oileadh mé, agus múineadh go fíor mé i ndlighe ár n-aithreach, agus mé dúthrachtach ar leith an dlighe, mar atá sibh-se uilig mar an gcéadna indiu:
4Agus bhínn ag géirleanamhaint na slighe seo go dtí an bás, ag ceangal fear agus ban, agus ghá gcur i bpríosún,
5Mar a ghní uachtarán na sagart, agus na seanóirí go léir fiadhnaise damh: agus ar fhagháil litreach damh uatha do na bráithré, chuaidh mé chun na Damaisce, chun go dtabharainn liom ceangailte iad as sin go h-Ierusalem le pionós d’fhagháil.
6Agus thárla damh ar mo thuras, agus mé ag teacht i ngaobhar do’n Damaisc ag meadhón lae, gur shoillsigh solus mór ó neamh go tobann tart fá dtaoibh díom:
7Agus ar thuitim ar an talamh damh, chuala mé guth ag rádh liom: A Shauil, a Shauil, cad chuige a ndéan tú mé a ghéirleanamhaint?
8Agus d’fhreagair mise: Cé tú féin, a Thighearna? Agus dubhairt sé liom: Is mise Íosa as Nasair, a ndéan tusa géirleanamhaint orm.
9Agus go dearbhta chonnaic siad sin a bhí i m’fhochair an solus, acht ní chuala siad guth#22, 9 Ní chuala siad guth. Is é sin le rádh, gidh gur chuala siad an guth, níor thuig siad na focla, Gníomh. 9, 7. an té a labhair liom.
10Agus dubhairt mé: Cad é dhéanfas mé, a Thighearna? Agus dubhairt an Tighearna liom: Éirigh, agus gabh isteach chun na Damaisce: agus innseochar duit annsin fá gach nídh dá gcaitfidh tú a dhéanamh.
11Agus mar nach raibh mo radharc agam, mar gheall ar ghile an tsoluis úd, threoruigh mo chompánaigh ar ghreim láimhe mé, agus tháinic mé go dtí an Damasc.
12Agus fear áirithe, darbh ainm Ananías, a bhí diadha do réir an dlighe, agus a raibh cliú mhaith air ó na h-Iúdaigh go léir a bhí ina gcómhnaidhe annsin,
13Tháinic sé chugam, agus ina sheásamh ag mo thaoibh dó, dubhairt sé liom: A Shauil, a bhrátair, amharc. Agus ar an uair chéadna sin d’amharc mé féin air.
14Agus dhubhairt seisean: Thogh Dia ár n-aithreach thusa roimh ré, chun go mbéadh fios a thola agat, agus go bhfeictheá an Neach Cóir#22, 14 Neach Cóir. Ár Slánuightheoir, a thaisbeán é féin do Naomh Pól. Gníomh. 9, 17., agus go gcluintheá guth as a bhéal-san féin.
15Óir béidh tú i d’fhiadhnaiseach aige do na h-uile dhaoine, ar na neithe sin a chonnaic tú, agus a chuala tú.
16Agus anois cad chuige ag déanamh moille tú? Éirigh, agus glac baisteadh, agus nigh díot do pheacaidhe, ag gairm ar a ainm-sean duit.
17Agus tárla, nuair a phill mé go h-Ierusalem arís, agus mé ag guidhe san teampall, go dtáinic táimhnéall ar m’aigne,
18Agus chonnaic mé é ag rádh liom: Déan deifre, agus imthigh amach go tapaidh as Ierusalem: óir ní ghlacfaidh siad d’fhiadhnaise-se fá dtaoibh díom-sa.
19Agus dubhairt mise: A Thighearna, tá a fhios acu go mbínn-se ag cur na ndaoine a chreroeadh ionnat-sa isteach i bpríosún, agus ghá mbualadh i ngach sineagóig:
20Agus nuair a bhí fuil d’fhiadhnaisigh, Steaphán, dá dortadh, bhí mise i látair, agus mé ag aontughadh, agus bhí mé ag coimhéad a gcuid éadaigh dóbhta sin a bhí ghá mharbhadh.
21Agus dhubhairt sé liom: Imthigh, óir is chuig na cinidheacha i gcéin a chuirfeas mé tú.
22Agus d’éist siad leis go dtí an focal sin, agus annsin d’árduigh siad a nguth, ag rádh: Beir uainn ó’n tsaoghal a leitéidh seo de dhuine: óir ní cóir é beith beo.
23Agus nuair a bhí siad ag béicigh, agus ag caiteamh díobh a gcuid éadaigh, agus ag cur dusta san aer,
24D’órduigh an ceann feadhain#22, 24 Ceann feadhain. i.e. Lisias. é tabhairt isteach san champa, agus é a sciúrsáil, agus a phianadh, chun go mbéadh a fhios aige cad chuige a raibh siad ag scairtigh mar siúd ina aghaidh.
25Agus nuair a bhí sé ceangailte le córdaí acu, deir Pól leis an cheanntúir a bhí ina sheasamh ag a thaoibh: An bhfuil sé dlisteannach agaibh duine a sciúrsáil ar Rómhánach é, agus gan é dhaortha?
26Ar a chluinstin sin do’n cheanntúir, chuaidh sé chuig an chionn feadhain, agus d’innis dó é, ag rádh: Cad é tá ar tí a dhéanta agat? Óir is cathardhach Rómhánach an duine seo.
27Agus tháinic an ceann feadhain chuige, agus dubhairt leis: Innis damh, an Rómhánach thú? Agus dubhairt seisean: Is eadh.
28Agus d’fhreagair an ceann feadhain: Cheannuigh mise saoirse na cathrach sin ar luach mór. Achc dhubhairt Pól: Rugadh mise amhlaidh.
29Ar an adhbhar sin d’imthigh uaidh ar an bhomaite an lucht a bhí ag dul a phianadh. Agus bhí eagla ar an chionn feadhain fosta, nuair a thuig sé gur chathardhach Rómhánach é, agus gur cheangail sé féin é.
30Agus lá ar n-a bhárach d’fhonn a fhagháil amach ní ba chruinne cad é bhí ag na h-Iúdaigh le cur ina leith, scaoil sé é, agus d’órduigh sé do na sagairt, agus do’n chómhairle uilig, a theacht i gcionn a chéile, agus ar thabhairt Phóil amach dó, chuir sé ós a gcómhair é.
Currently Selected:
Gníomhartha 22: ASN1943
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
rights held by the Bible Society in Northern Ireland