1
Rómhánaigh 7:25
An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)
OC1970
Buíochas le Dia trí Íosa Críost ár dTiarna! Mar sin bím féin ag umhlú do dhlí Dé i mʼintinn agus ag umhlú do dhlí an pheaca le mo cholainn.
Compare
Explore Rómhánaigh 7:25
2
Rómhánaigh 7:18
Mar is feasach dom nach gcónaíonn aon ní fónta ionam, is é sin le rá i mo cholainn. Is féidir liom an ní is cóir a thoiliú, ach ní féidir liom a dhéanamh.
Explore Rómhánaigh 7:18
3
Rómhánaigh 7:19
Mar ní bhím ag déanamh an mhaith is toil liom, ach is é an t-olc nach toil liom a bhíos á dhéanamh agam.
Explore Rómhánaigh 7:19
4
Rómhánaigh 7:20
Anois má bhím ag déanamh an ní nach toil liom, ní mise a bhíos á dhéanamh ach an peaca a bhíos ina chónaí ionam istigh.
Explore Rómhánaigh 7:20
5
Rómhánaigh 7:21-22
Aithním mar sin gur dlí é nuair is mian liom an mhaith a dhéanamh, go mbíonn an t-olc i bhfoisceacht dom. Mar i mo chroí istigh bíonn dúil agam i ndlí Dé.
Explore Rómhánaigh 7:21-22
6
Rómhánaigh 7:16
Anois má bhím ag déanamh an ní nach toil liom, admhaím gur maith é an dlí.
Explore Rómhánaigh 7:16