1
Rómhánaigh 6:23
An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)
OC1970
Mar is é an bás tuarastal an pheaca, ach tugann Dia mar shaoraisce uaidh an bheatha shíoraí in Íosa Críost ár dTiarna.
Compare
Explore Rómhánaigh 6:23
2
Rómhánaigh 6:14
Mar ní bheidh aon cheannas ag an bpeaca oraibh níos mó, ó nach bhfuil sibh faoin dlí ach faoin ngrásta.
Explore Rómhánaigh 6:14
3
Rómhánaigh 6:4
Táimid marbh agus curtha ina chuideachta ag an mbaiste, chun go gcaithimid beatha úmua dála Chríost a dʼéirigh ó na mairbh trí ghlóir an Athar.
Explore Rómhánaigh 6:4
4
Rómhánaigh 6:13
Ná géilligí bhur mbaill don pheaca le bheith mar uirlisí ag an ole, ach géilligí sibh féin do Dhia mar dhaoine a tugadh ó bhás go beatha, agus géilligí bhur mbaill do Dhia mar uirlisí na fíréantachta.
Explore Rómhánaigh 6:13
5
Rómhánaigh 6:6
Tá a fhios againn gur crochadh an duine a bhí ionainn ar a chrois, ionas go gcuirfí chun báis an corp peacúil, chun nach mbeadh greim ag an bpeaca orainn.
Explore Rómhánaigh 6:6
6
Rómhánaigh 6:11
Is cóir daoibh mar sin a mheas go bhfuil sibh féin marbh básaithe don pheaca, agus beo beathach do Dhia in Íosa Críost.
Explore Rómhánaigh 6:11
7
Rómhánaigh 6:1-2
Cad é is cóir dúinn a rá ansin? An rachaimid ar aghaidh leis an bpeaca go mba mhóide don ghrásta? Ní hamhlaidh! Fuaireamar bás don pheaca, agus cad é mar a ligfimid dó bheith beo ionainn fós?
Explore Rómhánaigh 6:1-2
8
Rómhánaigh 6:16
Nach feasach daoibh má tá sibh i ndiaidh géilleadh dʼaon duine mar dhaoir ag umhlú dó, go bhfuil sibh i ndaoirse ag an té sin a mbíonn sibh ag umhlú dó, más é an peaca é, a thugas chun báis, nó más í an umhlaíocht í, a thugas chun na fíréantachta?
Explore Rómhánaigh 6:16
9
Rómhánaigh 6:17-18
Ach buíochas le Dia, go bhfuil sibhse a bhíodh roimhe sin faoi dhaoirse an pheaca i ndiaidh umhlú ó chroí do chló an teagaisc sin a cuireadh romhaibh, agus gur saoradh ón bpeaca sibh, agus go bhfuil sibh in bhur ndaoir ag an bhfíréantacht.
Explore Rómhánaigh 6:17-18