1
Rómhánaigh 12:2
An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)
OC1970
Ná glacaigí le cruth an tsaoil seo, ach bíodh athrú crutha oraibh trí athnuachan bhur n-intinne, ionas go bhfaighidh sibh tuiscint ar dhea-thoil aoibhinn neamhlochtach Dé.
Compare
Explore Rómhánaigh 12:2
2
Rómhánaigh 12:1
Glaoim oraibh dá bhrí sin, a bhráithre, as ucht thrócaire Dé, go dtíolaca sibh bhur gcolainn mar naomhíobairt bheo, ní a thaitnionn le Dia mar ghníomh adhartha spioradálta uaibh.
Explore Rómhánaigh 12:1
3
Rómhánaigh 12:12
Bíodh bhur ndóchas ina ábhar lúcháire agaibh, bígí foighneach in am an chrá, agus ná stadaigí den urnaí.
Explore Rómhánaigh 12:12
4
Rómhánaigh 12:21
Ná faigheadh an t-olc bhur mbua ach faighigí bua ar an olc leis an maith.
Explore Rómhánaigh 12:21
5
Rómhánaigh 12:10
bíodh grá na ndeartháireacha agaibh dá chéile; sáraígí a chéile leis an ómós a thugas sibh dá chéile.
Explore Rómhánaigh 12:10
6
Rómhánaigh 12:9
Bíodh grá agaibh i ndáiríre; tugaigí fuath don ole, cloígí le gach ní dá fheabhas
Explore Rómhánaigh 12:9
7
Rómhánaigh 12:18
Más féidir, agus chomh fada agus a bhaineas libhse mairigí i síocháin le daoine an domhain.
Explore Rómhánaigh 12:18
8
Rómhánaigh 12:19
A lucht na páirte, ná himrígí díoltas, ach fágaigí faoi fhearg Dé é, mar tá sé scríofa, “Is liom an díoltas, is mé a bhainfeas amach an cúiteamh, a deir an Tiarna.”
Explore Rómhánaigh 12:19
9
Rómhánaigh 12:11
Ná ligigí do bhur ndúthracht dul i laghad, ach bíodh an Spiorad ar lasadh ionaibh, bígí ag obair do bhur dTiarna.
Explore Rómhánaigh 12:11
10
Rómhánaigh 12:3
Óir deirim le gach duine agaibh tríd an ngrásta a bronnadh orm gan meas iomarcach a bheith aige air féin, ach ina ionad sin meas cothrom atá de réir chuimse an chreidimh a roinn Dia leis.
Explore Rómhánaigh 12:3
11
Rómhánaigh 12:17
Ná tugaigí ole in aghaigh an oilc, ach smaoinígí ar an ní is uasal i súile cáich.
Explore Rómhánaigh 12:17
12
Rómhánaigh 12:16
Mairigí go cairdiúil le chéile; ná bígí mórtasach, ach déanaigí caidreamh leis an uiríseal; ná síligí barraíocht díbh féin in am ar bith.
Explore Rómhánaigh 12:16
13
Rómhánaigh 12:20
Ar a shon sin, “má tá ocras ar do namhaid, tabhair bia dó; agus má tá tart air, tabhair deoch dó; mar má dhéanann tú amhlaidh beidh tú mar a bheifeá ag camadh gríosach dhearg ar a cheann.”
Explore Rómhánaigh 12:20
14
Rómhánaigh 12:14-15
Beannaígí lucht bhur ngéarleanúna; beannaígí agus ná mallaígí iad. Déanaigí comháthas le lucht an áthais agus comhbhrón le lucht an bhróin.
Explore Rómhánaigh 12:14-15
15
Rómhánaigh 12:13
Tugaigí uaibh síneadh láimhe le haghaidh riachtanas na naomh, agus bígí flaithiúil fáilteach de ghnáth.
Explore Rómhánaigh 12:13
16
Rómhánaigh 12:4-5
Mar feicimid go bhfuil mórán ball in aon chorp amháin, agus gan an fheidhm chéanna ag aon dá bhall acu, ar an nós céanna bímid, an slua sin againn inár n-aon chorp amháin i gCríost, agus inár mbaill dá chéile gach duine faoi leith.
Explore Rómhánaigh 12:4-5