Ach más rud é gur briseadh cuid de na craobhacha den chrann, agus más rud é gur nódaíodh tusa, atá i do bheangán dʼfhiáin-ológ, isteach ina n-ionad le páirt a bheith agat i bhfréamh agus i saibhreas an chrainn olóige, ná maígh leis na craobhacha. Má mhaíonn tú, cuimhnigh nach tú is cranntaca leis an bhfréamh, ach gurb í an fhréamh is cranntaca leat.