Agus arsa an Spiorad le Pilib, “Éirigh amach in airicis an charbaid seo.” Rith Pilib mar sin go dtí é, gur chuala é ag léamh Ísáia fáidh, agus gur fhiafraigh de, “An dtuigeann tú a bhfuil á léamh agat?” Agus ar seisean, “Conas mar a thuigfinn é mura mbeadh duine agam lena mhíniú dom?” Agus thug sé cuireadh do Philib teacht aníos agus suí lena thaobh.