Agus rinne Stiofán urnaí nuair a bhíothas ag caitheamh na gcloch air, “A Thiarna Íosa, glac chugat mo spridse.” Agus chuaigh sé ar a ghlúine agus ghlaoigh sé amach in ard a chinn, “A Thiarna, ná hagair an peaca sin orthu.” Agus nuair a bhí sin ráite aige, thit a chodladh air.