Labhraíonn sé trí aislingí agus trí fhíseanna oíche,
Nuair a thiteann daoine ina dtoirchim suain,
Agus iad ina sámhchodladh ina leaba.
Ansin is ea a chuireann sé cogar ina gcluais,
Agus a chuireann sé scéin iontu le huafáis,
Dʼfhonn an duine a iompú óna dhrochbhearta,
Agus deireadh a chur lena dhíomas.
Déanann sé a bheo a chosaint ar an uaimh,
Agus a anam a shábháil ó Sheól.