Iób 33:15-18
Iób 33:15-18 ABN
Labhraíonn sé trí aislingí agus trí fhíseanna oíche, Nuair a thiteann daoine ina dtoirchim suain, Agus iad ina sámhchodladh ina leaba. Ansin is ea a chuireann sé cogar ina gcluais, Agus a chuireann sé scéin iontu le huafáis, Dʼfhonn an duine a iompú óna dhrochbhearta, Agus deireadh a chur lena dhíomas. Déanann sé a bheo a chosaint ar an uaimh, Agus a anam a shábháil ó Sheól.





