An troscadh is áil liom, nach é seo é?
dar briathar an Tiarna Dia:
Geimhleacha na héagóra a scaoileadh,
an ceangal a bhaint den chuing;
an dream a smachtaíodh a scaoileadh saor amach,
an uile chuing a bhriseadh;
do chuid aráin a roinnt le lucht ocrais,
dídean a thabhairt do bhochtáin gan teach gan treabh,
éadach a chur ar an té a fheiceann tú nocht
agus gan faillí a dhéanamh i do dhualgas i leith do mhuintire.