Íseáia 58:13-14
Íseáia 58:13-14 ABN
Má scorann tú den tsabóid a bhrú faoi chois agus de do ghnóthaí a dhéanamh ar an lá beannaithe; má ghlaonn tú lá aoibhnis ar an tsabóid, agus lá urraime ar lá beannaithe an Tiarna; má thugann tú onóir dó agus gan taisteal a dhéanamh air, ná gnóthaí a dhéanamh ná dul i ndáil chomhairle; is ansin a bheidh dʼaoibhneas sa Tiarna; cuirfidh mé i do mharcach thú ar mhullaí cosanta na tíre. Beathóidh mé thú le hoidhreacht Iacóib, dʼathair, óir tá béal an Tiarna tar éis labhairt.





