An té a mhaireann go fíréanta, a labhraíonn go hionraic,
agus a chuireann suas do bhrabús na héagóra,
a bhagraíonn a lámh chun an bhreab a dhiúltú,
a dhúnann a chluas i gcoinne beartais fhola
agus a dhruideann a shúile chun nach bhfeicfeadh sé an t‑olc
–beidh a chónaí siúd san aird thuas,
dún suite ar charraig is ea a thabharfaidh dídean dó,
soláthar cinnte aráin aige, agus uisce nach dtéann i ndísc.