1
Eabhraigh 4:12
An Bíobla Naofa 1981
ABN
Óir, tá briathar Dé beoúil bríomhar; is géire é ná aon chlaíomh dhá bhéal; téann sé isteach idir anam agus spiorad, idir smior agus smúsach agus tugann sé breith ar chlaonta agus ar smaointe an chroí.
Compare
Explore Eabhraigh 4:12
2
Eabhraigh 4:16
Dá bhrí sin, druidimis go muiníneach le ríchathaoir an ghrásta le súil go ndéanfar trócaire orainn agus go bhfaighimis grásta a chabhróidh linn in am an ghátair.
Explore Eabhraigh 4:16
3
Eabhraigh 4:15
Ní amhlaidh atá ardsagart againn nach féidir dó tuiscint a bheith aige dár laigí ach ceann a triaileadh i ngach slí cosúil linn féin ach nach ndearna peaca riamh.
Explore Eabhraigh 4:15
4
Eabhraigh 4:13
Níl créatúr ar bith ann nach follas dó é; mar tá gach ní lom agus nocht do shúile an té sin a gcaithfimid cuntas a thabhairt dó inár ngníomhartha.
Explore Eabhraigh 4:13
5
Eabhraigh 4:14
Ós rud é, mar sin, go bhfuil ardsagart againn atá gafa tríd na flaithis, Íosa, Mac Dé, coinnímis greim docht ar ár gcreideamh.
Explore Eabhraigh 4:14
6
Eabhraigh 4:11
Déanaimis ár ndícheall, mar sin, chun dul isteach san áitreabh suaimhnis sin ionas nach dteipfidh ar aon duine de dheasca an saghas céanna easumlaíochta.
Explore Eabhraigh 4:11