1
Eazrá 8:21
An Bíobla Naofa 1981
ABN
Dʼfhógair mé troscadh ansiúd, ansiúd cois abhann Ahavá, dʼfhonn go ndéanfaimis sinn féin a umhlú os comhair ar nDé agus go n‑iarrfaimis air go n‑éireodh ár mbóthar linn féin, lenár gclann agus lenár maoin.
Compare
Explore Eazrá 8:21
2
Eazrá 8:22-23
Óir ba leasc liom cuideachta saighdiúirí agus marcshlua a lorg ar an rí le sinn a chosaint ón namhaid ar an tslí mar bhí sé ráite cheana féin againn leis an rí: “Tá láimh ar nDé leata mar sciath chosanta ar cách a lorgann é, agus a neart agus a fhearg ar chách a thugann cúl leis.” Rinneamar troscadh dá bhrí sin, á impí sin ar Dhia agus thug sé cluas dár n‑impí.
Explore Eazrá 8:22-23