1
Colosaigh 2:6-7
An Bíobla Naofa 1981
Mar sin de, ós rud é go bhfuil glactha agaibh le Íosa Críost mar Thiarna, tugaigí bhur saol i bpáirt leis. Bígí préamhaithe ann agus bunaithe air agus daingean sa chreideamh faoi mar a múineadh daoibh é, agus bígí lán de bhuíochas.
Compare
Explore Colosaigh 2:6-7
2
Colosaigh 2:8
Bígí aireach, áfach, le heagla go mbuailfeadh aon duine bob oraibh leis an bhfealsúnacht bhaoth mhealltach úd a leanann traidisiúin dhaonna agus atá bunaithe ar phrionsabail an tsaoil in áit a bheith bunaithe ar Chríost.
Explore Colosaigh 2:8
3
Colosaigh 2:13-14
Bhí sibh marbh de dheasca bhur gcionta agus de cheal timpeallghearradh na colainne; ach d'athbheoigh [Dia] sibh i bpáirt le Críost; mhaith sé dúinn ár gcionta uile, agus an banna scríofa úd a bhí inár gcoinne lena chuid forálacha chuir sé ar ceal é agus ghlan as an tslí é á thairneáil ar an gcrois.
Explore Colosaigh 2:13-14
4
Colosaigh 2:9-10
Mar is i gCríost atá iomláine Dé ina chónaí go corpartha agus tá sibhse tagtha chun iomláine ann. Is é ceann gach tiarnais agus údaráis é.
Explore Colosaigh 2:9-10
5
Colosaigh 2:16-17
Dá chionn sin ná ligigí d'aon duine a bheith ag ordúchán oraibh faoi chúrsaí bia agus dí ná i dtaobh féilte cinn bhliana nó féilte míosúla nó laethanta sabóide. Níl sna cúrsaí sin ach scáil na nithe a bhí le teacht ach is é Críost an t‑ábhar féin.
Explore Colosaigh 2:16-17
YouVersion uses cookies to personalize your experience. By using our website, you accept our use of cookies as described in our Privacy Policy
Home
Bible
Plans
Videos