1
1 Samúéil 28:5-6
An Bíobla Naofa 1981
ABN
Nuair a chonaic Sól sluaite na bhFilistíneach, tháinig scanradh air agus bhí sé ar ballchrith. Chuaigh sé i gcomhairle leis an Tiarna, ach freagra ní bhfuair sé trí thaibhreamh, ná tríd an Úirím ná trí fháithe.
Compare
Explore 1 Samúéil 28:5-6
2
1 Samúéil 28:7-8
Ansin dúirt Sól lena ghiollaí: “Faighigí asarlaí mná dom le dul chuici agus a comhairle a fháil.” Dʼfhreagair a ghiollaí. “Tá asarlaí in Éan Dór.” Chuir Sól bréagriocht air féin agus malairt éide agus chuir chun bealaigh agus beirt ina choimhdeacht; san oíche a rinneadar an t‑aistear chun na mná. “Taispeáin dom,” ar sé, “a bhfuil le teacht le cabhair spioraid; tabhair aníos chugam an té a ainmneoidh mé duit.”
Explore 1 Samúéil 28:7-8