1 Samúéil 28:7-8
1 Samúéil 28:7-8 ABN
Ansin dúirt Sól lena ghiollaí: “Faighigí asarlaí mná dom le dul chuici agus a comhairle a fháil.” Dʼfhreagair a ghiollaí. “Tá asarlaí in Éan Dór.” Chuir Sól bréagriocht air féin agus malairt éide agus chuir chun bealaigh agus beirt ina choimhdeacht; san oíche a rinneadar an t‑aistear chun na mná. “Taispeáin dom,” ar sé, “a bhfuil le teacht le cabhair spioraid; tabhair aníos chugam an té a ainmneoidh mé duit.”





