1
1 Croinicí 29:11
An Bíobla Naofa 1981
ABN
Is leatsa, a Thiarna, an mhéid, an chumhacht, an ghlóir, an bua, agus an mhórgacht; óir is leatsa a bhfuil ar neamh agus ar talamh; is leatsa an flaitheas, a Thiarna: is tusa an bhuaic go hard os cionn cách.
Compare
Explore 1 Croinicí 29:11
2
1 Croinicí 29:12
Is uaitse saibhreas agus onóir, agus is tú a rialaíonn gach ní; tá neart agus cumhacht i do láimh; ar do láimhse atá méid agus cumas a thabhairt do chách.
Explore 1 Croinicí 29:12
3
1 Croinicí 29:14
Óir cé hé mise agus céard é mo mhuintir, go mbeadh sé dʼacmhainn ionainn tabhartais chomh fial sin a bhronnadh? Óir is uaitse gach ní agus is ó do chuid féin a bhronnaimid ort.
Explore 1 Croinicí 29:14
4
1 Croinicí 29:13
Beirimid buíochas leat anois a Dhia linn, agus molaimid glóir dʼainm.
Explore 1 Croinicí 29:13
5
1 Croinicí 29:10
Mhol Dáiví an Tiarna i láthair an chomhthionóil ar fad agus dúirt: “Gura beannaithe thú, a Thiarna, Dia Iosrael ár sinsear, go brách na breithe.
Explore 1 Croinicí 29:10