1
Geinis 37:5
Leabhar na nGeinealach 1943 (Peadar Ó Dubhda)
ABNPOD
Bhail, thárla fosta, gur innis sé do, n-a dh'reathracha fa bhrionglóid a bhí aige: a mhéaduigh an fuath do bhí aca dó.
Compare
Explore Geinis 37:5
2
Geinis 37:3
Gan amhras, b'é Seosamh an mac a b'annsa le Israel d'á chlann-mhac uilig, de bhrigh gur rugadh dó eisean an tráth bhí sé fhéin in a shean-fhear aosta: agus rinne sé cóta dó a rabh a lán dathanna ann.
Explore Geinis 37:3
3
Geinis 37:4
Agus nuair chonnaic na d'reathracha gur bh'annsa le n-á n-athair éisean ná duine ar bith aca-san, tháinig fuath aca dó, agus ní labhradh siad go deas síothchánta leis.
Explore Geinis 37:4
4
Geinis 37:9
Bhí brionglóid eile aige freisin, a d'inns sé do n-a chuid d'reathair, a rádh: “Chonnaic mé, in-aisling, mar bheadh an ghrian, agus an ghealach, agus aon-réalt-déag agus iad ag úmhlú (adhrú) dom.”
Explore Geinis 37:9
5
Geinis 37:11
Tháinig éad ar na d'reathracha dó ar a shon sin: chat rinne an t-athair smaoiteadh dó fhéin a an rud.
Explore Geinis 37:11
6
Geinis 37:6-7
Agus ars eisean leo: “Tabhairigidh cluas do'n bhrionglóid a bhí agam. Tógadh domh go rabhamar ag ceangailt punnán ins anghort, agus d'eirigh an punnán agamm-sa, mar deirfeá, in a sheasamh, agus na punnáin agaibh-se a bhí n-a seasamh, gur chrom siad-san síos a dh'úmhlú do mo phunnán.”
Explore Geinis 37:6-7
7
Geinis 37:20
Seo! Cuirimís chun báis é, agus tligfimid isteach i sean-díg intean é, agus deirfimid d'alp ollphéist éigin é. Agus annsin bíodh a chruthú aige fa n-a chuid aisling.”
Explore Geinis 37:20
8
Geinis 37:28
Agus nuair d'imthigh na Ceannaidhthe Mhadianíteacha thart, tharraing siad amach as an díg é, agus dhíol siad leis na h-Ismaelítigh é a fhiche píosaí airgid. Agus threoirigh siad isteach san Éighphte é.
Explore Geinis 37:28
9
Geinis 37:19
Agus ars 'n duine aca leis an duine eile: “Féach fear na n-aisling a' teacht.
Explore Geinis 37:19
10
Geinis 37:18
Agus tráth chonniac siad i bhfad uatha é, agus é ar a thriall chuca, sul má tháinig sé i bhfogus dóbhtha, chinn siad ar é a chur chun báis.
Explore Geinis 37:18
11
Geinis 37:22
“Na cuirigidh chun báis é, 's ná dóirtigidh aon [deor] d'á chuid fola. Acht tsligthear é isteach san díg seo atá ins an bhfásach.” Agus coinnigidh bhur lámha glan. Dubhairt sé seo ag dúil le é a shaorú as a lámha-san agusé a thabhairt ar ais chuige n-a athair.
Explore Geinis 37:22
Home
Bible
Plans
Videos