Troidfiḋ an TIĠEARNA ḃur Ndía ar ḃur son, noċ ṫéid roṁuiḃ, do réir a nuile neiṫe do rinne ar ḃur son san Négipt as coinne ḃur súl.
Agus annsa ḃtásaċ, mar a ḃfaca tú cionnus do iomċair an TIĠEARNA do Día ṫú, mar diomċóraḋ duine a ṁac, annsa nuile ṡliġe dá ndeaċaḃair, nó go ttangaḃair a steaċ don náitsi.