1
Rómhánach 3:23-24
Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)
JOYNTG
óir do rinne an uile ḋuine peacaḋ, agus atáid i n‐easbaiḋ glóire Dé; aċt fíréanuiġtear iad i n‐aisce tré n‐a ġrása, tríd an ḃfuasclaḋ atá le fáġáil i nÍosa Críost
Compare
Explore Rómhánach 3:23-24
2
Rómhánach 3:22
is í sin fíréantaċt Dé tré ċreideaṁ i nÍosa Críost do na daoiniḃ ċreideas; óir níl aon idirḋealḃaḋ ann
Explore Rómhánach 3:22
3
Rómhánach 3:25-26
an té do ċeap Dia ċum ḃeiṫ ’n‐a ċúiteaṁ tré ċreideaṁ ’n‐a ḟuil, ċum a ḟíréantaċt d’ḟoillsiú, ag déanaṁ neaṁ‐ċáis de na peacaiḋiḃ do ḃí déanta roiṁe sin, tré leor‐ḟoiġid Dé; ċum a ḟíréantaċt do noċtaḋ san am so atá de láṫair: ionnas go mbéaḋ sé féin fírinneaċ, agus go ḃfíréanóċaḋ sé an té ċreideas i nÍosa.
Explore Rómhánach 3:25-26
4
Rómhánach 3:20
óir ní fíréanóċar duine ar biṫ ’n‐a ḟiaḋnaise tré oibreaċaiḃ dliġe: óir is tré ḋliġe ṫagas eolas an ṗeacaiḋ.
Explore Rómhánach 3:20
5
Rómhánach 3:10-12
mar tá scríoḃṫa, Ní ḟuil aon duine fíréanta ann, ní ḟuil duine aṁáin; Ní ḟuil duine tuigseanaċ ann, Ní ḟuil duine loirgeas Dia; Do ċlaonadar uile, d’imṫiġeadar uile ó ṁaiṫ; Ní ḟuil duine do‐ġní maiṫ ann, ní ḟuil oiread agus duine
Explore Rómhánach 3:10-12
6
Rómhánach 3:28
Óir measaimíd go ḃfíréanuiġtear an duine tré ċreideaṁ, gan baint le h‐oibreaċaiḃ dliġe.
Explore Rómhánach 3:28
7
Rómhánach 3:4
Nár leigiḋ Dia sin: go n‐aiṫniġtear Dia ḃeiṫ fírinneaċ, aċt an uile ḋuine ḃeiṫ bréagaċ; mar atá scríoḃṫa, Ċum go ḃfoillseoċaiḋe ṫú ḃeiṫ ionnraic id’ ḃriaṫraiḃ, Agus go mbuaḋfá nuair béarfar breiṫ ort.
Explore Rómhánach 3:4