1
Matha 23:11
An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012
ABN2012
An té agaibh is uaisle, beidh sé ina sheirbhíseach daoibh.
Compare
Explore Matha 23:11
2
Matha 23:12
Agus cibé duine a ardóidh é féin, ísleofar é agus cibé duine a ísleoidh é féin ardófar é.
Explore Matha 23:12
3
Matha 23:23
“Is mairg daoibh, a scríobhaithe agus a Fhairisíneacha bréagchráifeacha, mar go n-íocann sibh deachú ar an miontas agus ar an lus mór agus ar an gcoimín, agus go ndearna sibh faillí sna nithe ar mó a luíonn an dlí orthu, an ceart agus an trócaire agus an dílseacht. Nithe iad seo nárbh fholáir a dhéanamh agus gan iad siúd a ligean i bhfaillí.
Explore Matha 23:23
4
Matha 23:25
“Is mairg daoibh, a scríobhaithe agus a Fhairisíneacha bréagchráifeacha, mar go nglanann sibh an taobh amuigh den chupa agus den mhias agus iad lán suas istigh de shlad agus dʼainmheasarthacht.
Explore Matha 23:25
5
Matha 23:37
“A Iarúsailéim, a Iarúsailéim, tusa a mharaíonn na fáithe agus a chlochann iad seo a cuireadh chugat, cad é chomh minic is ab áil liom do chlann a bhailiú, ar nós mar a bhailíonn an chearc a hál faoina sciatháin, agus nárbh áil leat-sa!
Explore Matha 23:37
6
Matha 23:28
sibh-se mar an gcéanna: ón taobh amuigh féachann sibh do dhaoine a bheith fíréanta, ach ón taobh istigh tá sibh lán de bhréagchráifeacht agus dʼolcas.
Explore Matha 23:28
Home
Bible
Plans
Videos