Agus is eisean a thug do dhaoine áirithe a bheith ina n-aspail, do dhaoine eile a bheith ina bhfáithe, do dhaoine eile a bheith ina soiscéalaithe, agus do dhaoine eile fós a bheith ina n-aoirí agus ina múinteoirí, dʼfhonn na naoimh a chur in oiriúint dá ndualgas, mar atá, corp Chríost a thógáil mar theach; go dtí go mbeimid go léir tagtha chun aontacht chreidimh agus chun aontacht eolais ar Mhac Dé nó go mbeimid tagtha in inmhe, ar comhchéim le Críost féin agus é i mbun a mhéide.