1
1 Eoin 4:18
An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012
ABN2012
Ní bhaineann eagla le grá, ach ruaigeann an grá foirfe an eagla amach; ionann a bheith eaglach agus a bheith ag súil le pionós agus an té a bhfuil eagla air ní lánfhoirfe a ghrá.
Compare
Explore 1 Eoin 4:18
2
1 Eoin 4:4
Sibh-se, áfach, a chlann liom, is ó Dhia daoibh agus tá buaite agaibh orthu siúd, mar gur treise an té atá ionaibhse ná an té atá ar an saol.
Explore 1 Eoin 4:4
3
1 Eoin 4:19
Tugaimisne grá, mar gur thug seisean grá dúinne ar dtús.
Explore 1 Eoin 4:19
4
1 Eoin 4:7
A chairde cléibh, tugaimis grá dá chéile mar gur ó Dhia an grá agus an té a thugann grá is ó Dhia a rugadh é, agus aithníonn sé Dia.
Explore 1 Eoin 4:7
5
1 Eoin 4:8
An té nach dtugann grá ní aithnid dó Dia, mar is é Dia an Grá.
Explore 1 Eoin 4:8
6
1 Eoin 4:10
Seo é an grá–ní gur thugamar-na grá do Dhia ach gur thug seisean grá dúinne agus gur sheol uaidh a Mhac go mbeadh ina íobairt sásaimh ar ár bpeacaí.
Explore 1 Eoin 4:10
7
1 Eoin 4:11
A chairde cléibh, ós fíor gur thug Dia grá dúinne nach mithid dúinne grá a thabhairt dá chéile.
Explore 1 Eoin 4:11
8
1 Eoin 4:9
Mar seo a foilsíodh grá Dé inár measc gur sheol sé a aon-Mhac sa saol le go mairimis-ne trídsean.
Explore 1 Eoin 4:9
9
1 Eoin 4:20
Má deir duine: “Mo ghrá-sa Dia” agus gur fuath leis a bhráthair, is bréagach é, mar an té nach dtugann grá don bhráthair ar léir dó é, ní féidir leis grá a thabhairt do Dhia nach bhfaca sé riamh.
Explore 1 Eoin 4:20
10
1 Eoin 4:15
Cibé a admhaíonn gurb é Íosa Mac Dé maireann Dia ann agus maireann seisean i nDia.
Explore 1 Eoin 4:15
11
1 Eoin 4:21
Agus tá an aithne seo againn uaidh: an té a thugann grá do Dhia tugadh sé grá dá bhráthair chomh maith.
Explore 1 Eoin 4:21
12
1 Eoin 4:1-2
A chairde cléibh, ná creidigí gach spiorad ach promhaigí na spioraid féachaint an ó Dhia dóibh: mar go ndeachaigh a liacht fáithe bréige amach ar an saol. Mar seo a aithnítear an spiorad ó Dhia: gach spiorad a admhaíonn gur tháinig Íosa Críost i gcolainn dhaonna, is ó Dhia dó.
Explore 1 Eoin 4:1-2
13
1 Eoin 4:3
Agus gach spiorad a shéanann Íosa, ní ó Dhia dó, ach is é spiorad an Ainchríost é ar chuala sibh go raibh sé le teacht; agus atá ar an saol cheana féin.
Explore 1 Eoin 4:3