Logo ng YouVersion
Hanapin ang Icon

Salm 23

23
An tAoire Diaga
1 Salm le Dáiví.
1 Is é an Tiarna mʼaoire:
ní bheidh aon ní de dhíth orm.
2Cuireann sé féin i mo luí mé
i móinéar féir ghlais.
Seolann sé ar imeall an uisce mé
3mar a bhfaighim suaimhneas.
Seolann sé ar shlí na fíréantachta mé
mar gheall ar a ainm.
4Fiú dá siúlfainn i ngleann an dorchadais,
níor bhaol liom an t‑olc
agus tú faram le do shlat is do bhachall
chun sólás a thabhairt dom.
5Cóiríonn tú bord chun béile dom
i láthair mo naimhde.
Ungann tú mo cheann le hola;
tá mo chupa ag cur thairis.
6Leanfaidh cineáltas is buan-ghrá mé
gach lá de mo shaol;
i dteach an Tiarna a mhairfidh mé
go brách na breithe.

Kasalukuyang Napili:

Salm 23: ABN2012

Haylayt

Kopyahin

Paghambingin

Ibahagi

None

Gusto mo bang ma-save ang iyong mga hinaylayt sa lahat ng iyong device? Mag-sign up o mag-sign in