Na Sailm 26

26
Salm 26.
Judica me, Domine.
1Go mba tú mo ḃreiṫeaṁ, a Ṫiarna, ó ṡiúil mé go neaṁċoirṫeaċ: bíoḋ mo ṁuinín as an Tiarna, agus ní ṫitfiḋ mé dá ḃrí sin.
2Proṁaiġ mé, a Ṫiarna, agus féaċ mé: breaṫnaiġ mʼáranna agus mo ċroí.
3Óir bíonn do ċarṫanaċt os coṁair mo ṡúl de ṡíor: agus siúlfaiḋ mé de réir dʼḟírinne.
4Níor ċónaiġ mé le daoine díoṁaoine: agus ní ċoinneoiḋ mé cuideaċta le luċt na bréige.
5Ṫug mé fuaṫ do ċoṁṫionól luċt an oilc: agus ni ṡuífiḋ mé i measc na ndroċḋaoine.
6Nífiḋ mé mo láṁa i neaṁċoirṫeaċt, a Ṫiarna: agus is aṁlaiḋ a ṫarraingeoiḋ mé ar dʼaltóir;
7Go gcluintear mo ġlór ag altú duit: agus ag insint dʼoibreaċa iontaċa.
8A Ṫiarna, ṫug mé grá do dʼáras tí: agus dʼáit cónaiṫe dʼonóra.
9Ná cuir mʼanam faoi ġlas i measc na bpeacaċ: ná mo ḃeaṫa le luċt doirtiṫe na fola;
10A mbíonn an ċoir ina láṁa: agus a láṁ ḋeas lán de ḃreabanna.
11Aċ is aṁlaiḋ a ṡiúlfaiḋ mise go neaṁċoirṫeaċ: go mbʼáil leat mʼḟuascailt agus ḃeiṫ trócaireaċ liom.
12Is daingean seasaṁ mo ċoise: molfaiḋ mé an Tiarna ar na coṁṫionóla.

தற்சமயம் தேர்ந்தெடுக்கப்பட்டது:

Na Sailm 26: OC1965G

சிறப்புக்கூறு

நகல்

ஒப்பீடு

பகிர்

None

உங்கள் எல்லா சாதனங்களிலும் உங்கள் சிறப்பம்சங்கள் சேமிக்கப்பட வேண்டுமா? பதிவு செய்யவும் அல்லது உள்நுழையவும்