Salm 26

26
Urnaí an Duine Neamhurchóidigh
1 Le Dáiví.
Tabhair breithiúnas ar mo shon, a Thiarna,
óir shiúil mé ar shlí an ionracais,
agus bhí mo dhóchas sa Tiarna gan staonadh.
2Déan mo phromhadh, a Thiarna, agus mo thástáil;
scrúdaigh mʼáranna agus mo chroí;
3Óir bíonn do bhuan-ghrá os comhair mo shúl,
agus bím ag siúl de réir dʼfhírinne.
4Ní bhím i bhfochair lucht éithigh
ná ní ghabhaim i gcomhluadar na gcluanairí.
5Is gráin liom tionól na n‑urchóideach,
agus ní shuím i bhfarradh na n‑éagráifeach.
6Ním mo lámha san ionracas, a Thiarna,
agus gabhaim mór-thimpeall dʼaltóra.
7Bíonn altú buíochais dá chanadh agam,
agus dʼéachtaí go léir dá n‑aithris agam.
8Thug mé taitneamh, a Thiarna, do dʼáras,
don áit a gcónaíonn do ghlóir.
9Ná sciob mé chun siúil leis na peacaigh
ná mʼanam le lucht doirte fola;
10Is dream iad a mbíonn an urchóid ina lámha acu,
agus is lomlán a ndeaslámh de bhreabanna.
11Ach caithimse mo shaol go hionraic:
fuascail mé agus nocht dom do thrócaire.
12Tá mo chosa ina seasamh ar an réidh;
molfaidh mé an Tiarna sna tionóil.

தற்சமயம் தேர்ந்தெடுக்கப்பட்டது:

Salm 26: ABN2012

சிறப்புக்கூறு

நகல்

ஒப்பீடு

பகிர்

None

உங்கள் எல்லா சாதனங்களிலும் உங்கள் சிறப்பம்சங்கள் சேமிக்கப்பட வேண்டுமா? பதிவு செய்யவும் அல்லது உள்நுழையவும்